Trasraitheoir
Is feiste leathsheoltóra é an trasraitheoir a úsáidtear chun comharthaí leictreonacha agus agus cumhacht leictreach a mhéadú nó a athrú. Tá sé comhdhéanta d’ábhar leathsheoltóra de ghnáth, le trí chónasc ar a laghad le haghaidh naisc le ciorcad seachtrach. Ceann amháin leis an tiomsaitheoir, ceann leis an mbun agus an ceann eile leis an astaíre. Má chuirtear voltas nó sruth i bhfeidhm ar phéire amháin de chonaisc an leathsheoltóra rialaíonn sé an sruth trí phéire cónasc eile. Toisc gur féidir an chumhacht rialaithe (aschur) a bheith níos airde ná an chumhacht rialaithe (ionchur), is féidir le trasraitheoir comhartha a mhéadú. Sa lá atá inniu ann, bíonn roinnt trasraitheoirí ar fáil ina n-aonar, ach tá go leor eile le fáil réamhphacáiste i gciorcad comhtháite
Trasraitheoir | |
---|---|
Codanna | |
p–n junction (en) | |
An bloc tógála bunúsach de chuid na nghléasanna leictreonacha nua-aimseartha is ea an trasraitheoir, agus tá sé uileláithreach i gcórais leictreonacha nua-aimseartha. Chuir Julius Edgar Lilienfeld trasraitheoir tionchar réimse (TTR) faoi phaitinn, sa bhliain 1926 [1], ach níorbh fhéidir gléas oibre a thógáil ag an am sin. Ba é an chéad gléas a cuireadh i bhfeidhm go praiticiúil ná trasraitheoir pointe teagmhála a chum an fisiceoirí Meiriceánacha John Bardeen, Walter Brattain, agus William Shockley, sa bhliain 1947. Chuir an t-raisitheoir réabhlóid ar bun i réimse na leictreonaice, agus réitigh siad an bealach i gcomhair raidiónna, áireamhán agus ríomhairí níos lú agus níos saoire, i measc rudaí eile. Tá an t-traisitheoir ar liosta na ngarspriocanna de chuid na leictreonaice ag an IEEE [2], roinn Bardeen, Brattain, agus Shockley Duais Nobel 1956, san Fhisic as a n-éachtaí. [3].
I gcás na leathsheoltóirí atá bunaithe ar an dúil sileacan, déantar a n-airíonna a mhionathrú trí dhúile eisíontais a mheascadh leis an mbunsileacan.
Déantar ceapairí pnp is npn mar thrasraitheoirí.
Teicneolaíocht
cuir in eagarSuimítear glacóirí leictreon, indiam, bórón nó alúmanam, chun an t-ábhar a dhéanamh ina p-chineál. Is deontóirí leictreon, antamáon, arsanaic nó fosfar, a shuimítear chun n-chineál a dhéanamh.
Is feistí beaga tathagacha slána (de bhrí go bhfeidhmíonn siad ag voltas íseal) iad, agus ní gá ach cumhacht íseal len iad a fheidhmiú.
Feidhmeanna
cuir in eagarÚsáidtear na trasraitheoirí in aimplitheoirí, ascaltóirí is coigeartóirí.
Stair
cuir in eagarSa bhliain 1947, rinne eolaithe i mBell Laboratories, New Jersey, fionnachtain mhór nuair a dhear siad an trasraitheoir pointe teagmhála. Cheap William Shockley, John Bardeen agus Walter Brattain an trasraitheoir pointe teagmhála, rud a chuir tús le réabhlóid sa leictreonaic —cúrsaí raidió, teilifíse, teileachumarsáide is ríomhaireachta. Bhuaigh siad Duais Nobel na Fisicesa bhliain 1956
Tháinig an trasraitheoir in ionad na bhfeadán teirmianach i ngach gaireas leictreonach, agus chuir réabhlóid i bhfeidhm ar chiorcaid leictreonacha.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "1926 – Field Effect Semiconductor Device Concepts Patented". Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 22, 2016.
- ↑ "Milestones:Invention of the First Transistor at Bell Telephone Laboratories, Inc., 1947". Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 21, 2014.
- ↑ "The Nobel Prize in Physics 1956". Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 16, 2014.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Trasraitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le heolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |