Is próiseas traschur maise é triomú arb éard atá ann uisce nó tuaslagóir eile a bhaint [1] trí ghalú ó sholad, leathsholadach nó leacht. Úsáidtear an próiseas seo go minic mar chéim dheiridh táirgeachta sula ndéantar táirgí a dhíol nó a phacáistiú. Le go measfar go bhfuil rud "triomaithe", caithfidh an táirge deiridh a bheith soladach, i bhfoirm leatháin leanúnaigh (m.sh., páipéar), píosaí fada (m.sh., adhmad), cáithníní (m.sh., gráin arbhair nó calóga arbhair) nó púdar (m.sh., gaineamh, salann, púdar níocháin, púdar bainne). Is minic a bhíonn foinse teasa agus gníomhaire ann chun an gal a tháirgeann an próiseas a bhaint. I mbiththáirgí cosúil le bia, gráin agus cógaisíocht cosúil le vacsaíní, is uisce i gcónaí an tuaslagóir atá le baint.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "drying - definition of drying by the Free Online Dictionary, Thesaurus and Encyclopedia".