Cruthú téachtán fola taobh istigh d'fhuileadán de bharr bac codánach nó iomlán. An chéad chéim a tharlaíonn is ea cruthú na próitéine fibrin ón réamhtheachtaire intuaslagtha fibrinigin, Déanann an fibrin mogall ina mbíonn cealla dearga fola is pláitíní gafa, agus déanann sé sin dallán a chuireann stop le rith na fola. Gníomhachtaítear an t-athrú ó fhibrinigin go fibrin trí shraith einsimí, 13 fachtóirí téachta is ian cailciam, a thiomáineann na himoibrithe easa ar aghaidh. Tosaíonn an próiseas casta seo le tadhall na fola le hionad damáiste don fhuileadán nó fíochán, nó le paiste artairiscléaróise. Is féidir le trombóis tarlú taobh istigh d'aon artaire nó féith sa cholainn. Tarlaíonn stróc de bharr trombóise sna hartairí ceirbreacha is ionfharchtadh miócairdiach de bharr trombóise in artairí corónacha sa chroí. Má tharlaíonn trombóis i bhféith, is féidir go mbrisfidh sí saor agus eambólas a dhéanamh.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTrombóis
cuir in eagar
Cineálhematologic disorder (en) Aistrigh, galar soithíoch, Vascular occlusion (en) Aistrigh, eambólacht agus trombóis agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisangeolaíocht, máinliacht shoithíoch agus haemaiteolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Aicmiú
ICD-10I80 agus I82 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9437.6, 453, 671.5 agus 671.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0148529 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD013927 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC2586211 agus C0040053 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:0060903 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Trombóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 679.