Unión General de Trabajadores

(Athsheolta ó UGT)

Cheann de príomh-ceardchumainn na Spáinne is ea Unión General de Trabajadores (UGT, Ceardchumann ilsaothair Oibrithe), cleamhnaithe go stairiúil leis an Páirtí na nOibrithe Sóisialach Spáinneach (PSOE).

Bosca Sonraí EagraíochtaUnión General de Trabajadores
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrUGT Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálceardchumann Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh12 Lúnasa 1888, Teatre de Jovellanos (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deEuropean Trade Union Confederation (en) Aistrigh
International Trade Union Confederation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíJosé María Álvarez Suárez Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinugt.es Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: UGT_Comunica Instagram: ugt_confederal Telegram: ugt_es Cuir in eagar ar Wikidata
Agóideoirí ón UGT (Maidrid - 2008)

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Pablo Iglesias Posse (r.Ferrol 1850- b.Maidrid 1925) an UGT ar an 12 Lúnasa 1888 i Mataró (Barcelona), le smaointe Marxaí agus sóisialachais i gceist. Ní raibh an streachailt aicmeach mar bun phrionsabal a chuid gníomhaíochtaí go dtí an naoú comhdháil déag. Cé nach raibh aon aontú foimiúlta ag an UGT leis an PSOE, tá nasc eatarthu ó bhúnú an cheardchumann.

I rith an Chéad Chogadh Domhanda, bhí gaol láidir idir an UGT agus an Confederación Nacional del Trabajo (CNT, Cónaidhm Náisiúnta Lucht Oibre). Tháinig deiridh tobann leis an ré seo le ré nua an deachtóir Miguel Primo de Rivera, a thug monaplacht dlíthiúil don ceardchumainn urraithe ag an rialtas. Cé gur easaontaigh an UGT leis an deachtóireacht, bhí siad sásta comhoibriú le stádas dlíthiúil a choimeád. Tháinig radacú orthu i rith tréimhse Dara Poblacht na Spáinne faoi thionchar Francisco Largo Caballero. D'eagraigh siad an stailc ginearálta sa bhliain 1934 de bharr teacht i gcumhacht an eite dheis. Bhí thart ar milliún baill aige faoin am seo. Chuir an Cogadh Cathartha le fadhbanna inmheánach an cheardchumann agus d'fhág Largo Caballero sa bhliain 1937.

Díbrigh Francisco Franco i ndiaidh an Cogadh Cathartha agus bhí ar an UGT dul faoi thalamh. I ndiaidh a bhás (1975) tháinig siad chun tosaigh arís agus sa lá atá i inniu tá siad mar phríomh-cheardchumainn na tíre ó thaobh ionadaíocht an lucht oibre.

Féach Freisin cuir in eagar