V. R. Krishna Iyer

Breitheamh ar Chúirt Uachtarach na hIndia ab ea V. R. Krishna Iyer (15 Samhain 19154 Nollaig 2014).[1] Feachtasóir díograiseach ar son cearta sibhialta agus sóisialta ba ea é. Rinne sé ceannródaíocht ar mhodh breithnithe inar tugadh ciall ní ba leithne don Bhunreacht agus a cuireadh próiseas an dlí in oiriúint don cheartas sóisialta.

V. R. Krishna Iyer
V.R.Krishna Iyer.jpg
Ball den 2ú Tionól Reachtach Kerala

Márta 16, 1957 - Iúil 31, 1959 - V. R. Krishna Iyer
Dúiche: Thalassery State Assembly constituency (en) Aistrigh
Toghchán: 1957 Kerala Legislative Assembly election (en) Aistrigh
Aire Leictreachais, Kerala

Aibreán 5, 1957 - Iúil 31, 1959
Ball de 2ú Tionól Reachtach Kerala

Feabhra 22, 1960 - Meán Fómhair 10, 1964
V. R. Krishna Iyer - K. P. R. Gopalan
Dúiche: Thalassery State Assembly constituency (en) Aistrigh
Toghchán: 1960 Kerala Legislative Assembly election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánവൈദ്യനാഥപുരം രാമയ്യർ കൃഷ്ണയ്യർ
Eolas breithePalakkad, 15 Samhain 1914
NáisiúntachtAn India
Réimeas Briotanach
Tiarnas na hIndia
Teanga dhúchaisAn Mhailéalaimis
BásKochi, 4 Nollaig 2014
Cúis bháisbás nádúrtha (cliseadh croí)
Oideachas
Alma materGovernment Victoria College (en) Aistrigh
Sree Rama Varma High School (en) Aistrigh
Ollscoil Annamalai
Teangachaan Béarla
An Mhailéalaimis
An Hiondúis
Gairm
Gairmbreitheamh, dírbheathaisnéisí agus polaiteoir
Duaiseanna

Bronnadh an dara gradam is airde san India, an Padma Vibhushan, air sa bhliain 1999.[2][3][4]

SaolCuir in Eagar

Thosaigh Iyer ag cleachtadh an dlí sa bhliain 1938.[5] Níorbh fhada go ndeachaigh sé i bpáirt leis an eite chlé ina cheantar dúchais.

 
2009

Tar éis dó a bheith tofa ina bhall neamhspleách de Chomhthionól Reachtaíochta Mhadras sa bhliain 1952, bhí Iyer ina aire dlí agus cirt, gnóthaí baile, uiscithe, cumhachta, príosún, leasa shóisialta agus longseoireachta intíre sa chéad rialtas Cumannach i Stát Kerala (1957-59). D'fhan sé ina bhall den chomhthionól go dtí 1965.

 
príomhaire Modi agus Justice Krishna Iyer

Sa bhliain 1968, ceapadh Iyer ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt Kerala. Ansin bhí sé ina bhall de Choimisiún Dlí na hIndia idir 1971 agus 1973.[5]

Ar 17 Iúil 1973, ceapadh ar Chúirt Uachtarach na hIndia é. Agus Iyer ina bhreitheamh, rinne sé ceannródaíocht ar mhodh breithnithe ní ba dhíograisí, sásta le ciall ní ba leithne a thabhairt d'fhorálacha an bhunreachta agus próiseas an dlí a chur in oiriúint d'éilimh an cheartais shóisialta trí dhlíthíocht leasa an phobail a chruthú. Bhí sé ina thacadóir dílis de chuid an chúnaimh dlí chomh maith.[5]

Ar scorCuir in Eagar

Sa bhliain 1980, tar éis dó éirí as an gCúirt Uachtarach, lean Iyer ar aghaidh mar phearsa phoiblí ghníomhach, a bhíodh i mbun feachtais ar son na gcúiseanna a bhí á gcur chun cinn aige an t-am ar fad ó bhí sé ina fhear óg, go dtí cúpla seachtain roimh a bhás, agus é naoi mbliana is nócha d'aois.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. The news Minute (2014). "Beathaisnéis". www.thenewsminute.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-19. Dáta rochtana: 2020-07-20.
  2. "Judicial Activism in India : A Festchrift in honour of Justice V.R. Krishna Iyer [HB, Universal Law Publishing Co.]". law-all.com. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  3. "Justice V.R. Krishna Iyer's Concept of Social Justice: Buy Justice V.R. Krishna Iyer's Concept of Social Justice by Jaswal Vikram S. at Low Price in India" (en). Flipkart.com. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  4. "The Hindu : Living life king-size". web.archive.org (2003-03-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2003-03-09. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  5. 5.0 5.1 5.2 "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-20.