Val Mulkerns

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Éireannach agus ball d'Aosdána a bhí in Val Mulkerns (14 Feabhra 192510 Márta 2018). Cuireadh fáilte in Éirinn roimh an gcéad úrscéal uaithi, A Time Outworn, nuair a foilsíodh é sa bhliain 1952. Lean sí den scríbhneoireacht go dtí go bhfuair sí bás, ach bhí sí thar a bheith bisiúil sna 1970idí agus 1980idí, idir úrscéalta agus ghearrscéalta. D'oibrigh sí freisin mar iriseoir agus colúnaí, agus bhíodh sí le cloisteáil go minic ar an raidió.

Infotaula de personaVal Mulkerns
Beathaisnéis
Breith14 Feabhra 1925
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Márta 2018
93 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla