Is é Viðoy an t-oileán is faide ó thuaigh sna Scigirí. Tá sé suite lastoir de Borðoy lena bhfuil sé gaolta le cabhsa. Oileán adhmaid an chiall lena ainm, cé nach bhfuil crann ar bith ag fásadh ar an oileán. Is é is cúis ar tugadh an t-ainm air ná an t-adhmad raice a thagann ón tSibéir agus ó Mheiriceá Thuaidh.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachViðoy
(fo) Viðoy Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin Fharó Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilOileáin Fharó Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinHvannasund, Oileáin Fharó (en) Aistrigh agus Viðareiðis Municipality, Oileáin Fharó (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 62°20′N 6°31′W / 62.33°N 6.52°W / 62.33; -6.52
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige841 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeVillingadalsfjall (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (841 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar41 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Dhá lonnaíocht atá ag Viðoy, is iad ná Hvannasund ar an gcósta thiar theas agus Viðareiði, arb é an lonnaíocht is faide ó thuaidh sna Scigirí é, ar an gcósta thiar thuaidh. Tá bóthar fad an chósta thiar idir an dá lonnaíocht. Tá ceangal cabhsa idir Hvannasund agus Norðdepil ar Borðoy, agus tá seirbhís bus ann a théann thar an gcabhsa ó Klaksvík go dtí an t-oileán.

Sléibhte cuir in eagar

Aicme Ainm Airde
3 Villingadalsfjall 841m
24 Nakkurin (norðari) 754m
29 Malinsfjall 750m
52 Filthatturin 688m
53 Oyggjarskoratindur 687m
67 Enniberg 651m
84 Sneis 634m
116 Tunnafjall 593m
147 Talvborð 557m
174 Mølin 511m
192 Nakkurin 481m

Tá aon sliabh déag ar Viðoy, agus is é ceann dá gcuid, Villingadalsfjall, an bhinn is faide ó thuaidh sna Scigirí. Tá aill Enniberg ar an gcósta thuaidh freisin; is í an dara haille is airde san Eoraip agus í 750m ar airde (is é Hornelen na hIorua an aille is airde in aice leis an bhfarraige san Eoraip). Taispeántar na sléibhte de réir a n-aicme laistigh de na Scigirí.