Is príomhchathair comhphobal féinrialaitheach Tír na mBascach í Vitoria-Gasteiz. Tá 235,661 ina gcónaí ann agus í mar phríomhchathathair an chúige Araba i dtuaisceart na Spáinne. Is í Gasteiz an t-ainm Bascais, agus Vitoria as Spáinnis. Tá an bardas ar an mbardas is mó i dtír na mBascach le achar 276.81 cm agus daonra 242,082.

Infotaula de geografia políticaVitoria-Gasteiz
Gasteiz (eu) Edit the value on Wikidata
Flag of Vitoria-Gasteiz (en) Q5838399
Flag of Vitoria-Gasteiz (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Q5838399 Aistrigh Edit the value on Wikidata
Gasteiz, Euskal Herria.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Alava municipalities Vitoria-Gasteiz.JPG Edit the value on Wikidata
 42°50′48″N 2°40′23″W / 42.8467°N 2.6731°W / 42.8467; -2.6731
Stát ceannasachAn Spáinn
Comhphobail fhéinrialaitheacha na SpáinneTír na mBascach Theas
Cúigí na SpáinneAraba / Álava (en) Aistrigh
Comarca of ÁlavaCuadrilla de Vitoria (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 253,996 (2020) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Tír na mBascach Theas Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 276.81 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Zadorra Edit the value on Wikidata
Airde 525 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1181
Eagraíocht pholaitiúil
• Mayor of Vitoria (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Gorka Urtaran (2015) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 01001–01015 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Láithreán gréasáin vitoria-gasteiz.org Edit the value on Wikidata

Cuirtear an chathair seo go minic i liosta de 5 chathair is fearr sa Spáinn le bheith ina chónaí ann. Tá an sean-bhaile caomhnaithe go maith le sráideanna meánaoiseacha agus cearnóga deasa. Tá dhá ardeaglais aici agus bíonn go leor féile ann.

Tiomnaigh Beethoven a Opus 91, "Cath Vitoria" nó "Bua Wellington" don chath cáiliúil óna cogaidh Napoléon. I rith cath Vitoria, bhris airm Spáinneach, Portaingéileach agus Sasanach agus an Ginearál Marquess Wellington na Francaigh. Uair na cinniúna ab ea é an cath i gCogadh Saoirse na Spáinne.

StairCuir in Eagar

Sa bhliain 581 bhunaigh rí Viseagotach Liuvigild cathair Victoriacum. Sa bhliain 1813, le linn Chogadh na Leithinse, bhí bua ag Diúc Wellington i gcoinne na bhFrancach i gCath Victoria. Tá séadchomhartha lonnaithe i bpríomhchearnóg na cathrach, Monumento a la Independencia, mar chomóradh ar an gcath.

Ar 20 Bealtaine, 1980, thiontaigh Parlaimint na mBascach ar Vitoria mar phríomhchathair réigiún féinrialaitheach Thír na mBascach.

Eacnamaíocht agus déimeagrafaicCuir in Eagar

Tá eacnamaíocht ilghnéitheach i Vitoria-Gasteiz, agus tá go leor comhlachtaí déantúsaíochta le oibríochtaí ann, ina measc Mercedes-Benz, Michelin, Gamesa agus Heraclio Fournier, an ceann deireanach lena cheanncheathrú sa chathair. Sa bhliain 2009 rangaíodh an chathair sa dara háit ó thaobh chaighdeán maireachtála de i measc chathracha na Spáinne, agus sa chéad áit maidir le ceantair glasa agus áiteanna cultúracha in aghaidh an duine.

Tá seirbhís aerfoirt lonnaithe gar don chathair in Aerfort Vitoria. Faoi láthair níl ach aon aerlíne amháin ann le seirbhísí rialta, Iberia, á riaradh ag Air Nostrum le eitiltí go Maidrid agus Barcelona.

Cuireadh deireadh le seirbhís Ryanair go Stansted, Londain agus Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 2007.

Tá seirbhísí ag an aerlíne feidhmiúcháin NordJet ó Vitoria-Gasteiz.

TagairtíCuir in Eagar