Vladímír Pútín
Is é Vladímír Vladímírovits Pútín (/ˈpuːtɪn/; Rúisis: Влади́мир Влади́мирович Пу́тин) Uachtarán ar Chónaidhm na Rúise ó 7 Bealtaine 2012.[1]
Tús a shaoilCuir in Eagar
Rugadh Pútín i Leningrad (Cathair Pheadair anois) ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975.
Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith Putin na blianta sa DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, 1985-1990).
Ar an 28 Iúil 1998, d'éirigh Putin ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB). D'fhan sé sa phost sin go dtí Lúnasa 1999[2].
Ceann stáitCuir in Eagar
Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999.
Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis.
D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Pútín mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis. Bhuaigh Pútín an toghchán sa bhliain 2000.
UachtaránCuir in Eagar
Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Pútín. Bhí sé cuibheasach óg sa bhliain 2000, go háirithe i gcomparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an Rúisis, tá Béarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Pútín.
Má d'fhéach Eiltsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Pútín ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis. Agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, mar shampla an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).
Chuir Pútín in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Pútín leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiúin Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Iaráic a chur i gcrích.
Bhain páirtí Pútín, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.
An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Pútín a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.
An 14 Márta 2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Pútín amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom.
Ní cheadaítear faoi Bhunreacht na Cónaidhme dul don phobal den tríú huair. I ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh Putin móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach tugadh comhairle do Phutin gan a bheannacht a thabhairt don athrú seo ag an am.
Mar sin, ó 2008 go dtí 2012, bhí Putin ina "Chathaoirleach" na Cónaidhme.
BreithmheasCuir in Eagar
Deirtear go bhfuil dhá dhream ag obair ar an gCreimlín anois:
- Ceann amháin is ea na sílovicí, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata.
- Is éard atá sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine atá ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré.
Is minic a bhíonn easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí, an mórghróintín artola. Cuireann Pútín strus air féin gan a bheith róchóngarach do cheachtar den dá dhream, cé go bhfuil baint ag a thánaiste Alacsandar Volaisin leis an gClann. Meastar gur bhagair Volaisin go n-éireodh sé as a phost nuair a gabhadh Chodorkovskí. Ghlac Pútín leis an seasamh anuas, agus chuir sé Dimítrí Meidvedev, cathaoirleach Gazprom, an comhlacht stáit gáis, ina áit.
Duine eile atá ceangailte leis an gClann is ea an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov. Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Pútín gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí.
LéiriúCuir in Eagar
Iad sin atá claonta le Vladimir Pútín, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.
Féach freisinCuir in Eagar
- Ionradh na Rúise ar an Úcráin
- Daria Marchenko, ealaíontóir as an Úcráin. Tháinig cáil uirthi nuair a nochtadh 'The Face of War' sa bhliain 2015, portráid de Putin. Rinneadh iarracht í a fhuadach níos déanaí.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Conchubhar Ó Dálaigh (27 MF 2022). "Tá an conradh neamhscríofa idir Putin agus pobal na Rúise thart, agus deireadh a réimis ar na bacáin < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.
- ↑ http://www.kremlin.ru/
Roimhe bhí: Sergei Stepashin |
Príomh-aire na Rúise 8 Lúnasa, 1999—7 Bealtaine, 2000 |
Á Leanúint bhí: Mikhail Kasyanov |
Roimhe bhí: Boris Yeltsin |
Uachtarán na Rúise 31 Mí na Nollag 1999—7 Bealtaine 2008 |
Á Leanúint bhí: Dmítrí Meidveideiv |