Is spástóireadóir é Voyager 2 agus é seolta ag NASA ar an 20ú Lúnasa 1977 chun staidéar a dhéanamh ar na pláinéid amuigh. Lainseáladh é sé lá roimh a leathchúpla Voyager, ar chonair a thóg níos sia le hIúpatar agus Satarn a shroichint ach a chuir ar a chumas cuairt a thabhairt ar Úránas agus Neiptiún. Is é an t-aon spásárthach amháin a shroich aon cheann de na fathaigh reoite. Chríochnaigh a bhunmhisean le taiscéaladh ar Chóras Neiptiúin ar an 2ú Deireadh Fómhair 1989 agus tar éis dó cuairt a thabhairt ar chóras Úránais sa bhliain 1986, ar chóras Shatairn sa bhliain 1981 agus ar chóras Iúpatair sa bhliain 1979. Tá Voyager 2 anois sa dara ré dá mhisean, ag déanamh staidéir ar imeall amuigh an Ghrianchórais agus tar éis dó bheith ag taisteal go ceann níos mó ná 40 bliain, fanann sé i dteagmháil leis an Líonra Spáis Dhomhain. Ag scaradh de 108 Aonaid Réalteolaíochta (1.62 x 1010 km) ón ghrian i mí Aibreáin 2015, tá Voyager 2 ar cheann de na rudaí de dhéantús an duine is faide ón domhan, mar aon le Voyager 1, Pioneer 10 agus Pioneer 11. Ar shroichint spás idir-réaltach dó, beidh sé in ann na céad fíorthomhais de dhlús agus de theocht an phlasma idir-réaltaigh a dhéanamh.

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisVoyager 2
Voyager spacecraft.jpg
Cineál miseanspástaiscéalaí
OibritheoirNASA logo.svg   NASA Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA ID1977-076A
Uimh. SATCAT10271
Airíonna árthaigh
MonaróirJet Propulsion Laboratory Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
815 kg

735 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht470 W
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
DátaLúnasa 20, 1977
ÁitCape Canaveral Space Launch Complex 41 (en) Aistrigh, Cape Canaveral Space Force Station (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilTitan IIIE Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocanna

Eitilt phláinéidigh de Iúpatar
Cur chuige uasta721670 km
DátaIúil 9, 1979


Eitilt phláinéidigh de Satarn
Cur chuige uasta161000 km
DátaLúnasa 25, 1981


Eitilt phláinéidigh de Úránas
Cur chuige uasta107000 km
DátaEanáir 24, 1986


Eitilt phláinéidigh de Neiptiún
Cur chuige uasta29240 km
DátaLúnasa 24, 1989 Cuir in eagar ar Wikidata

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar