Is é is víreas ann ná gníomhaire tógálach beag nach macasamhlaíonn ach laistigh de chealla beo orgánaigh. Is féidir le víris gach cineál beatha a ionfhabhtú, ó ainmhithe agus plandaí go miocrorgánaigh, lena n-áirítear baictéir agus archaea. Ó rinne Dmitri Ivanovsky cur síos in alt sa bhliain 1892 [1] ar phataigin neamh-baictéarach a bhí ag ionfhabhtú plandaí tobac, agus ar fhionnachtain an tobamóivíris ag Martinus Beijerinck i 1898, tá cur síos mionsonraithe déanta ar thart ar 5,000 speiceas víris,[2]de na milliúin cineálacha víreas sa timpeallacht.[3] Faightear víris i mbeagnach gach éiceachóras ar an Domhan agus is iad an cineál aonáin bhitheolaíoch is iomadúla iad.[4][5] Tugtar víreolaíocht, fo-speisialtacht de mhicribhitheolaíocht, ar staidéar ar víris.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoVíreas
Virus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Galargalar víreasach tógálach agus niúmóine víreasach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FearannVirus Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo le cáithnín bitheolaíochta togálach; don téarma ríomhaireachta, féach ar víreas ríomhaireachta.
Trí chineál víreas: an baictéarafagach ar chlé, víreas ainmhíoch thuas ar dheis, reitrivíreas thíos ar dheis

Nuair nach bhfuil siad taobh istigh de chill ionfhabhtaithe nó i bpróiseas ionfhabhtaithe cille, bíonn víris ann i bhfoirm cáithníní neamhspleácha, nó víoróin , arb éard atá iontu: (i) an ábhar géiniteach, ie móilín fada d'ADN nó d'ARN a ionchódaíonn struchtúr na próitéiní trína bhfeidhmíonn an víreas; (ii) próitéin caipside, a théann timpeall agus a chosnaíonn an t-ábhar géiniteach; agus i gcásanna áirithe (iii) taobh amuigh imchlúdach seachtrach de lipidí. Tá cruthanna na gcáithníní víreas seo éagsúil ó fhoirmeacha simplí héiliciúla agus icisihéadrúla go struchtúir níos casta. Tá víoróin róbheag ag an gcuid is mó de na speicis víris atá le feiceáil le micreascóp optúil, ag timpeall aon chéadú de mhéid an chuid is mó de na baictéir.

Níl bunús na víreas i stair éabhlóideach na beatha soiléir: d’fhéadfadh go dtiocfadh cuid acu chun cinn ó phlasmaidí - píosaí d'ADN atá in ann bogadh idir chealla - cé go bhféadfadh cuid eile teacht chun cinn ó bhaictéir. San éabhlóid, is modh tábhachtach iad víris chun aistrithe cothrománaigh géine a bhaint amach, a mhéadaíonn an éagsúlacht ghéiniteach ar bhealach atá cosúil le atáirgeadh gnéasach. Measann cuid gur beathachrut iad víris, toisc go n-iompraíonn siad ábhar géiniteach, go n-athchruthaíonn siad, agus éabhlóidíonn siad trí roghnaithe nádúrtha, cé nach bhfuil príomhthréithe acu (cosúil le struchtúr cille) a mheastar a bheith riachtanach de ghnáth chun beatha a áireamh. Toisc go bhfuil roinnt cáilíochtaí den sórt sin acu ach nach bhfuil gach cáilíocht acu, rinneadh cur síos ar víris mar "orgánaigh ar imeall an tsaoil", agus mar mhacasamhlóirí.

Scaipeann víris ar go leor bealaí. Tá bealach tarchuir amháin ann trí orgánaigh a bhfuil galariompartha ar a dtugtar veicteoirí: mar shampla, is minic a tharchuireann feithidí a itheann sú plandaí víris ó phlanda go planda, a leithéid agus aifidí; agus is féidir le víris in ainmhithe a bheith iompraithe ag feithidí foladhiúlacha. Scaiptear víris fliú trí chasachtach agus shraothartach. Tarchuirtear noraivíreas agus rótaivíreas, cúiseanna coitianta le gaistreintríteas víreasach, tarchuirtear iad trí thras-seoladh ó fhaecas go béal, a tharchur trí theagmháil agus a théann isteach sa chorp i mbia nó in uisce. Tá VEID ar cheann de roinnt víreas a tharchuirtear trí theagmháil ghnéasach agus trí nochtadh d’fhuil ionfhabhtaithe. Tugtar "raon óstach" ar éagsúlacht na gcealla óstacha is féidir le víreas a ionfhabhtú. Féadann sé seo a bheith cúng, rud a chiallaíonn nach bhfuil víreas in ann mórán speiceas a ionfhabhtú, nó leathan, rud a chiallaíonn go bhfuil sé in ann go leor a ionfhabhtú.

Spreagann ionfhabhtuithe víreasacha in ainmhithe freagairt imdhíonachta a chuireann deireadh leis an víreas ionfhabhtaithe de ghnáth. Is féidir freagraí imdhíonachta a sholáthar freisin trí vacsaíní, a thugann imdhíonacht fhaighte go saorga don ionfhabhtú víreasach ar leith. Seachnaíonn roinnt víreas, lena n-áirítear iad siúd is cúis le SEIF, ionfhabhtú an Papalómaivíreas Daonna (PVD), agus heipitíteas víreasach, na freagraí imdhíonachta seo agus bíonn ionfhabhtuithe ainsealacha mar thoradh orthu. Forbraíodh roinnt drugaí frithvíreasacha.




Fionnachtain

cuir in eagar

Bíonn na galair víreasacha ag luí ar na daoine leis na cianta cairbreacha anuas, - is maith an sampla é an confadh - ach níor tháinig borradh ceart ar an taighde víreolaíochta ach le déanaí. Sa bhliain 1717, chuir Mary Montagu, bean chéile an ambasadóra Shasanaigh in Impireacht na Tuirce, sonrú sa dóigh a mbíodh na mná áitiúla ag ionaclú a gclainne in aghaidh bholgach Dé. I ndeireadh na hochtú haoise déag, thug Edward Jenner faoi deara go raibh cailín darbh ainm Sarah Nelmes fágtha díonta ar bholgach Dé i ndiaidh di bolgach na mbó a tholgadh, galar a bhí cosúil le bolgach Dé cé nach raibh sé chomh dainséarach céanna don duine. Inniu, tá a fhios againn go bhfuil an dá víreas - bolgach Dé agus bolgach na mbó - gaolmhar le chéile.

I ndeireadh na naoú haoise déag, d'fhorbair Charles Chamberland scagaire poircealláin le staidéar a dhéanamh ar víreas mósáiceach an tobac, an chéad víreas a bhfuair an cine daonna amach faoi. Tarraingíonn an víreas seo galar ar an bplanda tobac a fhágann coirt liathbhán ar dhuilleoga an phlanda. Go gairid i ndiaidh obair Chamberland, d'fhoilsigh Dimitri Ivanovski torthaí a chuid turgnamh, a thaispeáin go raibh tolgadh in úscadh na nduilleog galraithe tobac fiú nuair a cuireadh an t-úscadh trí scagaire a bhí in ann cáithníní ar cóimhéid le baictéar a bhaint de. De réir a chéile, tháinig an tuiscint ag na taighdeoirí nárbh iad na baictéir an t-aon chineál síol galair a bhí ann. B'é an micribhitheolaí Ollannach Martinus Beijerinck a chum is a cheap an téarma "víreas".

I dtús na fichiú haoise, fuair Frederick Twort amach go raibh na víreasanna in ann baictéir a ionsaí is a ghalrú. Léirigh Felix d'Herelle, agus é ag obair go neamhspleách, go raibh ullmhóid víreasanna in ann spotaí de chealla marfa a fhágáil ar chillsaothráin a bhí spréite go tanaí ar phlátaí agair. Nuair a d'áirigh d'Herelle an t-achar den tsaothrán a bhí marbh, bhí sé ábalta meastachán a thabhairt ar líon na víreasanna san fhuaidreán. Sa deireadh, sa bhliain 1935, chriostalaigh Wendell Stanley an víreas mósáiceach, agus fuair sé amach gur próitéin ba mhó a bhí ann. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí saineolaithe eile in ann an phróitéin a scaradh ón aigéad núicléasach.

Níl a fhios go cruinn ag aon duine cad é mar a tháinig an chéad víreas riamh ar an bhfód, agus is féidir, fiú, nach ionann an dóigh ar fhorbair na víreasanna éagsúla. Ní dineasáir iad na víreasanna a d'fhágfadh iarsmaí so-aitheanta iontaisithe ina ndiaidh, agus mar sin, is iad na teicníochtaí móilíneacha (is é sin, taighde ar cheimic nó ar bhithcheimic na víreasanna) is mó a chuidíonn lionn tuiscint a fháil ar fhorbairt agus ar éabhlóid na víreasanna. Agus an dóigh a bhfuil sainaithint na micriontaisí ag dul i bhfeabhas, is féidir go mbeimid in ann, an lá is faide anonn, fianaise iontaisithe a aithint ón Ré Aircéach nó Phrótarasóch. Seo iad an dá phríomh-hipitéis le míniú a thabhairt ar bhunús na víreasanna:

  • Na víreasanna beaga nach bhfuil ach cúpla géin iontu, is féidir gur píosaí aigéid núicléasaigh atá iontu a tháinig as géanóm orgánaigh bheo de chineál éigin. Bíonn eilimintí géiniteacha ann cosúil le plasmaidí agus trasuíteáin - "géinte preabacha" - atá ábalta gluaiseacht timpeall ó ghéanóm go géanóm, agus is dócha gur eilimintí den chineál seo a bhí sna víreasanna beaga i dtosach báire.
  • Na víreasanna a bhfuil géanóm mór acu, ar nós na víreasanna bolgaí, is dócha gur cealla beaga a bhí iontu ar dtús agus iad ina bparaisítí ag teacht i dtír ar chealla móra óstaigh. I rith an ama, chaill siad na géinte nach raibh riachtanach ag an bparaisít i bpróiseas sruthlínithe ar a dtugtar "éabhlóid ar gcúl". Déanann na baictéir úd Rickettsia agus Clamaidia fianaise leis an hipitéis seo. Is cealla beo iad, cosúil leis na gnáthbhaictéir, ach cosúil leis na víreasanna, níl siad ábalta clannú a dhéanamh ach amháin taobh istigh de chealla óstaigh. Is féidir gur chaill siad na géinte a cheadaigh dóibh maireachtáil taobh amuigh de chealla óstaigh, ó nach raibh a leithéidí de dhíth ar an bparaisít.

Tá cáithníní ionfhabhtaíocha ann atá níos simplí ina struchtúr fós ná na víreasanna, mar atá, víreoidigh, satailítí, agus prióin.

Struchtúr

cuir in eagar
 
Struchtúr an víris mhósáice thobac. RNA, 2. manteleiwit, 3. capside
 
Struchtúr an víris mhósáice

Níl i gcáithnín iomlán víris, nó i vírión, ach gléas leis na géinte a iompar. Tá an t-aigéad núicléasach ann, is é sin, an t-oideas le tuilleadh víreasanna den chineál chéanna a tháirgiú, agus é dúnta isteach sa chaipsídeach as na cineálacha próitéine a táirgíodh de réir an chóid san aigéad núicléasach céanna. Na prótaiméirí, is é sin, na próitéiní a tháirgítear, is dual dóibh dul le chéile le caipsídeach nua a chruthú. Go ginearálta, ní bhíonn cuidiú ar bith de dhíth leis an gcaipsídeach a chur i dtoll le chéile as na prótaiméirí, ach tá víreasanna ann freisin a tháirgeann próitéiní speisialta leis an gcaipsídeach a chóimeáil. Na próitéiní a théann leis an aigéad núicléasach, tugtar núicleapróitéiní orthu, agus is é an núicleacaipsídeach an slánaonad atá cóimeáilte as an gcaipsídeach agus as an aigéad núicléasach.

Ó thaobh na foirme de, tá ceithre chineál víreasanna ann: na cinn héiliciúla, na cinn icisihéadrúla, na cinn imchlúdaithe agus na cinn choimpléascacha.

  • Is iad na víreasanna héiliciúla an tíopa is simplí acu ar fad. Níl i vírión den saghas héiliciúil go bunúsach ach héilics - cosúil le "staighre bíseach" - atá casta thart timpeall ar an aigéad núicléasach mar a bheadh píopa ann. Tá na vírióin ag breathnú cosúil le maidí, mar sin, agus má tá siad fada, ní mór dóibh bheith inaclaithe freisin, le nach mbrisfidís faoi bhrú na n-imthosca. Víreas héiliciúil is ea an víreas mósaíceach tobac, mar shampla, ar chuir na chéad víreaseolaithe an oiread sin spéise ann.
  • Na víreasanna icisihéadrúla, shílfeá ar dtús go bhfuil siad sféarúil - cosúil le liathróid - ina gcosúlacht, ach le fírinne, tá siad níos cosúla le liathróid sacair: fuaitear an liathróid sacair le chéile as píosaí beaga leathair a bhfuil an déanamh céimseatach céanna orthu ar fad, agus sin é an chuma atá ar thaobh amuigh an víris icisihéadrúil freisin. Freagraíonn na "píosaí leathair" do na caipsiméirí, sórt plátaí próitéine a théann le chéile le caipsídeach a dhéanamh.
  • Maidir leis na víreasanna imchlúdaithe, tá imchlúdach lipide ina dtimpeall - is é sin, taobh amuigh den chaipsídeach féin - atá cosúil le cillscannán. Cillscannán atá ann dáiríre, agus é "goidte" ón gcill óstaigh inar táirgíodh an vírión. An gléas próitéine atá riachtanach leis an scannán a ghoid, áfach, is cuid d'oideas an víris féin é. Cuidíonn an cillscannán seo leis an vírión cill nua a ionfhabhtú, ós rud é nach n-aithníonn córas cosanta na cille gur namhaid atá i gceist. Víreas imchlúdaithe is ea an VEID, an víreas easnaimh imdhíonachta daonna, arb é iompróir an tsiondróim easnaimh imdhíonachta fhaighte (SEIF) é.
  • Na víreasanna coimpléascacha, arís, is víreasanna iad a bhfuil struchtúr níos casta acu, agus saintréithe an chéad dá ghrúpa ag baint leo. Creidtear, mar shampla, go bhfuil bacáin ag baictéarafagaigh áirithe a chuireann ar a gcumas greamú de dhromchla an bhaictéir. Ansin, steallann siad an t-aigéad núicléasach isteach sa bhaictéar.

Má chuirtear an gnáthvírión i gcomparáid le dreancaid, is ionann é agus duine a chur i gcomparáid le sliabh atá oiread eile níos airde ná Sliabh Everest. Tá filivíreasanna (víreasanna san fhine úd Filoviridae, cosúil le víreas míchlúiteach Ebola) ann atá, fiú, 1400 nanaiméadar ar fad, cé nach bhfuil an caipsídeach ach timpeall ar 80 nanaiméadar ar trastomhas. An chuid is mó de na víreasanna, tá siad chomh beag is nach féidir iad a aithint faoin ngnáthmhicreascóp, agus is gá dul i dtuilleamaí an leictreonmhicreascóip, a bhfuil taifeach i bhfad níos fearr aige. Sa bhliain 1992, thángthas trasna ar víreas de chineál nua, an mímivíreas (Acanthamoeba polyphaga mimivirus nó APMV), atá i bhfad níos mó agus níos casta ina struchtúr ná na gnáthvíreasanna, ionas gur síleadh ar dtús gur baictéar a bhí ann. Tá an mímivíreas ina ábhar mór suime ag na saineolaithe, ó chreidtear gur cineál lúb ar lár idir an víreas agus an baictéar é a d'fhéadfadh léargas nua a thabhairt ar chéadfhorbairt na beatha i dtús ama. Tá an mímivíreas timpeall ar 600 nanaiméadar ar trastomhas.

Ábhar Géiniteach

cuir in eagar

Bíonn an dá chineál aigéad núicléasach - idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN, nó DNA as Béarla) agus aigéad ribeanúicléasach (ARN, nó RNA as Béarla) - ar fáil i ríocht na víreas, cé nach mbíonn ach aon chineál amháin in aon víreas amháin. Ceann de na heisceachtaí is ea citimeiglivíreas an duine, a bhfuil idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann, mar chroíleacán, agus aigéad ribeanúicléasach a dhéanann gnó an teachtaire (teachtaire ARN). Is féidir nach bhfuil ach aon dual amháin in aigéad núicléasach an víris, ach is féidir dó freisin go bhfuil dhá dhual ann. An cineál aigéad núicléasach atá i víreas áirithe, tá sé ag brath ar an gcineál víreas atá ann, ach is é an DNA dédhualach a bhíonn sna baictéarafagaigh de ghnáth, agus is é an tARN aondualach a bhíonn i víreasanna na bplandaí.

Maidir leis an oiread ábhair agus atá sa ghéanóm, bíonn sé sách éagsúil freisin. Na víreasanna is simplí, ní bhíonn siad ach milliún daltún ar meáchan, agus níl iontu ach oideas ceithre chineál próitéine. Na cinn is mó, tá a ngéanóm céad uair níos troime ná sin, agus iad ábalta níos mó ná céad próitéin éagsúla a tháirgiú. Bíonn núicléitídí neamhghnácha in aigéid núicléasacha na víreasanna uaireanta. Mar shampla, tá víreasanna ann a bhfuil hiodrocsaimeitilcíotóisín iontu in áit na cíotóisíne.

Na víris nach bhfuil d'aigéad núicléasach acu ach an tARN, deirtear go bhfuil duail dhiúltacha nó duail dheimhneacha aigéid núicléasaigh acu. Is é atá i gceist le diúltacht nó deimhneacht an duail ná an bhaint atá aige leis an ARN a úsáidtear mar theachtaire (mRNA). Is ionann an dual deimhneach agus an teachtaire ARN, agus nuair a sháitear isteach sa chill óstaigh é, is féidir leis an gcill sin é a aistriú - an chiall a bhaint as - ar an toirt agus bun a chur le vírióin nua. Más dual diúltach atá ann, tá gá le heinsím den chineál ar a dtugtar polaiméaráis ARN leis an aigéad núicléasach a iompú go foirm atá ábalta eolas a iompar agus feidhmiú mar oideas atáirgthe.

Deirtear go bhfuil na géanóim dhédhualacha RNA go léir agus cuid de na géanóim aondualacha ARN roinnte ina ndeighleáin, is é sin, ina gcodanna scartha. Is féidir le gach deighleán aon phróitéin amháin a chódú, agus iad go léir le fáil in éineacht in aon caipsídeach amháin. Le go mbeadh an víreas iomlán in ann galar a iompar agus a tharraingt, ní chaithfidh na deighleáin go léir a bheith in aon vírión amháin, áfach.

  1. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Dimmock
  2. Dimmock p. 49
  3. Teimpléad:Vcite journal
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Lawrence
  5. Teimpléad:Vcite journal