Ba léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir Meiriceánach é Walter Elias Disney. Bhuaigh sé duais Oscar sé huaire is fiche (bhí ceithre mar dhuais oinigh).[1] Bhain sé amach Máistreacht Oinigh sna hEalaíona ón ollscoil Harvard agus ollscoil Yale[2].

Walter Elias Disney
Walt disney portrait.jpg
Walt Disney
Dáta breithe 5 Nollaig 1901
  Chicago, Illinois
Dáta báis 15 Nollaig 1966
  Burbank, California
Náisiúntacht Méireacánach
Gairm léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir
Síniú
Walt Disney 1942 signature.svg

Saol luathCuir in Eagar

Rugadh Walt Disney ar an gcúigiú lá de Nollaig, 1901, sa roinn Hermosa i Chicago, Illinois. Chaith sé a chuid óige i Missouri[3] nuair a bhog a athair an teaghlach ann chun a bheith ag obair ar fheirm i Marceline[4]. Bhí sé mar an ceathrú mac a bhí ag Elias Disney, a bhí mar chearpantóir taistil, feirmeoir agus conraitheoir tógála, agus Flora (née Call) Disney, a bhí ina múinteoir[5]. Ba leath-Éireannach agus leath-Ceanadach é Elias Disney[6]. Bhí ceathrar deartháir (Herbert, Raymond, agus Roy) agus deirfiúr amháin (Ruth) ag Disney[7]. Nuair a bhí sé i Missouri, chaith sé a chuid ama ag tarraingt agus ag péintéireacht[3]. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, bhog Disney agus a chlann go ar ais go dtí Chicago. Nuair a bhí sé sa mheanscoil, McKinley High i Chicago, d'oibrigh Disney mar cartúnaí i gcomhair an irisleabhair scoile[8]. Le linn an ama seo, d'fhreastail Walt Disney ar an institiúid ealaíne i Chicago[9].

Bhí Walt ag iarraidh troid sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a bhí sé sé bhliana déag d'aois ach bhí sé ró-óg. Rinne sé a phas a bhrionnú agus chuir sé isteach i gcomhair na Croise Dearg ag insint bhréige faoi cén aois a raibh sé. Seoladh Walt go dtí an Fhrainc agus thiomáin sé otharcarr ansin[7][8]. Tar éis an chogaidh i 1919, bhí an seans ag Disney dul agus obair i monarcha glothaí i Chicago toisc go raibh a athair mar chomhúinéir de[2] ach chuaigh Walt Disney go dtí Kansas agus thosaigh sé ag obair mar cartúnaí tráchtála, freisin thosaigh sé ag obair ar a chead cartún bheochan. I Mí Lúnasa, 1923 bhog Disney go dtí California, bhí a deartháir Roy ann cheana féin[2].

Gairm Beochana Walt DisneyCuir in Eagar

Nuair a bhí Disney ag obair i Kansas mar cartúnaí tráchtála thosaigh sé ag obair ar a chuid beochaintí[3]. D'fhoghlaim sé faoi conas na beochaintí seo a chruthú tríd ag leamh leabhair ón leabharlann cosúil le "Animated Cartoons – How They Are Made Their Origin And Development” le Edwin George (E.G.) Lutz[10]. Fhadas a raibh sé ag obair i Kansas, bhuail sé le Ub Iwerks (Ubbe Eert Iwwerks) agus tar éis tamall bhunaigh an bheirt acu comhlacht fógraíochta i 1920, ach theip ar an gcomhlacht toisc nach raibh go cliant aige. Thosaigh Disney agus Iwerks post nua ag Kansas City Films Ad, le linn a chuid ama ag obair leis an gcomhlacht seo, d'fhoghlaim Disney níos mó scileanna ag baint le beochaintí[9].

 
Oswald an coinín

Cruthaigh Disney sraith de chartúin darbh ainm 'Laugh-O-Grams' i 1922[5]. Rinne sé margadh leis an phictiúrlann i Kansas na gcartún a craoladh agus tháinig an-cháil ar na cartúin agus ar Walt Disney[3]. Níor fhuair Disney aon brabus ón mhargadh seo ach chuir sé tús lena ghairm. Bhí an céad sraith bunaithe ar an Chochaillín Dhearg agus bhí sé mar leagan nua-aimseartha den scéal[11]. Faoi 1923, bheartaigh sé dul go California, toisc gur imigh an comhlacht Laugh-O-Grams as gnó agus ní raibh aon todhchaí ag a chuid oibre le beochantí i Kansas[12].

Dúirt Disney faoin am ar shroich sé California bhí sé tuirseach traochta de chartúin. Bhí sé mar aidhm aige a bheith ina stiúrthóir ach níor éirigh leo aon phost cosúil le sin agus lean sé ar aghaidh ag obair ar a bheochaintí[13]. D'aithin sé go raibh deis aige obair le beochaintí arís agus d'oibrigh é féin agus a dheartháir Roy ar sraitheanna a raibh bunaithe ar an scéal Alice in Wonderland darbh ainm Alice's Comedies[14] I nDeireadh Fómhair, 1923 bhunaigh Walt agus Roy an stiúideo cartún Disney Brothers[15]. I mí Nollaig 1923, craoltar an céad pháirt den tsraith "Lá Alice san Fharraige" agus thuill Disney agus a dheartháir Roy $1,500[16]. I rith an am seo bhí sé fos ag obair le Ub Iwerks. D'éirigh leo charactar eile a chruthú coinín darbh ainm 'Oswald' faoi 1927 agus d'fhostaigh Universal Walt agus Iwerks chun 26 sraith cartún bunaithe ar Oswald a chruthú, ansin faoi 1928 tháinig Disney ar an eolas gur le Universal cearta an charachtar Oswald[17].

 
Póstaer i gcomhair Steamboat Willie

Mickey MouseCuir in Eagar

Chruthaigh Disney charachtar eile in ionaid Oswald. Luch a bhí ann, darbh ainm Mickey. Dúirt Walt Disney go raibh Mickey mar an charachtar is fearr leis a raibh cruthaithe aige i rith a ghairm[2]. Bhí Steamboat Willie mar an cead gearrscannán beochana inar tháinig Mickey ar shaol na teilifíse[18]. Bhí an chéad taibhiú de Steamboat Willie i 1928 agus d'éirigh thar cionn leis[19]. Bhí Walt Disney é féin ag cur guth Mickey ar fáil. Faoi 1937 bhí an stiúideo Disney ag cur timpeall 12 gearrscannán ar fáil le Mickey an luch mar charachtar in aghaidh na bliana. Le linn an ama seo, bhí charachtair eile ag teacht chun tosaigh cosúil le Minnie, Pluto agus Donald an lacha[20]. Tosaíodh ag eagrú clubanna Mickey Mouse i bpictíuirlainne timpeall an Mheiriceá. Bhí níos mó na milliún paistí mar bhaill den chlub[2]. Tosaítear ag chur amach breagáin a raibh cosúil leis an charachtar Mickey agus scaip tóir an charachtair. Ceaptar go raibh cáil ar Mickey toisc go raibh sé mar shiombail dearfach sa tsochaí ag am a raibh an-deacair agus lán de foréigean[17]. In ainneoin cé chomh crua is a bhí cúrsaí airgeadais d'éirigh go maith le Walt Disney le linn an Spealaidh Mór[5].

Scannán Fada CartúinCuir in Eagar

 
Réamhfhógrán i gcomhair an scannán Snow White

Spreag an rath a bhí ag Mickey daoine a raibh bua acu i gcúrsaí beochana chun dul agus obair i gcomhair Walt Disney[2]. Thosaigh Walt Disney agus a fhoireann ag obair ar roinnt scéalta draíochtacha. I 1934, chuir sé tús le tionscnamh ag baint leis an scéal faoi Snow White and the Seven Dwarfs[5]. Nuair a raibh sé ag cur an smaoineamh faoi Snow White os comhair a lucht oibre rinne sé seó aonair den scéal iomlán dóibh[2]. Bhí costas ollmhór ar an léiriú den scannán, bhí buiséad $1,488,423 cáite air[16]. I 1937, eisíodh an scannán iomlán[21]. Thug an scannán brabús $8 milliún don stiúideo Disney sa chead bhliain[2]. Lean Walt Disney ar aghaidh ag cur amach scannáin bheochana cosúil le Pinocchio, Dumbo agus Bambi.

Páirc DisneylandCuir in Eagar

 
An Caisleán i Disneyland, California

Bhí cuspóir eile ag Walt Disney taobh amuigh den bheochan. Bhí sé ag iarraidh páirc shiamsaíochta a thógáil. Chuir sé an t-ainm Disneyland ar an bpáirc. Fuair sé inspioraid i gcomhair an smaoinimh ó pháirceanna eile cosúil le Páirc Griffith sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé mar phlean aige áit a chruthú a raibh oiriúnach i gcomhair daoine fásta chomh maith le páistí[22]. Cheannaigh sé talamh in Anaheim, California. Bhí tús curtha le tógáil na páirce in Iúil, 1954[23]. Bhí costas $17 milliún ar thógáil na páirce[3] agus fuair Disney airgeadais i gcomhair Disneyland ón gcomhlacht craoltóireachta ABC, toisc go raibh an stiúideo Disney ag cur amach clár teilifíse Disney go seachtainiúil dóibh[23]. Bhí Walt ag iarraidh cumas cumhach a chuir ar an bpáirc, agus tá seo le fheiceáil tríd an íomha a raibh ar roinnt aíteanna sa pháirc, cosúil leis an bpríomhshráid a raibh íomhá air cosúil leis an Mheiriceá sna 1920idí.

Oscailt an chéad pháircCuir in Eagar

Ní raibh ráth ag an bpáirc ar an gcead lá a d'oscail sé. I mí Iúil 1955, bhí craoladh beo a dhéanamh ag an chomhlacht ABC d'oscailt na bpáirce agus bhí timpeall 70 milliún breathnóir ar an chlár. Ar an drochuair, ní raibh an lá oscailte chomh rathúil is a bhí na tionscnaimh eile a raibh Walt Disney ag obair ar. Ní raibh gach taitneamhacht sa bpáirc ag feidhmiú. Anuas ar sin, bhí a lán daoine ag dul isteach go dtí an pháirc le ticéid bhréige. Ní raibh le bheith ann ach 15,000 duine ach faoi dheireadh an lae, bhí breis is 28,154 tar éis dul istigh go Disneyland[24]. In ainneoin an theip a raibh ar an lá oscailte, d'éirigh thar cionn leis an bpáirc go fád-tearmach.

Disneyland sa lá atá inniu annCuir in Eagar

Faoi láthair, tá sé pháirc bunaithe ar Disneyland i áiteanna éagsúla ar fud an domhain.

Tá an cead pháirc fos ar oscailt ó 1955. Glaoitear Disneyland Resort air.

D'oscail an pháirc seo i mí Deireadh Fómhair, 1971. D'fhógair Walt Disney go mbeadh é féin agus a chomhlacht ag tosnú le pleananna i gcomhair na páirce a chur i bhfeidhm. Tá an pháirc timpeall 40 míle cearnach[25].

D'oscail Disneyland Páras i mí Aibreáin, 1992[26]. Tá sé mar an t-aon pháirc Disney atá lonnaithe san Eoraip.

D'oscail Disneyland Tokyo i 1983[27]. Bhí sé an chead pháirc a osclaítear taobh amuigh de na Stáit Aontaithe Mheiriceá.

D'oscail Disneyland Hong Kong i mí Meán Fómhair, 2005[28]. Bhí sé an chead pháirc a osclaítear Disney sa tSín.

Tá an pháirc i Shang-hai, mar an pháirc is déanaí a osclaítear. D'oscail Disneyland Shang-hai i Meitheamh, 2016[29].

Saol PearsantaCuir in Eagar

Phós Walt bean darbh ainm Lillian Bounds. Rugadh Lillian i Idaho agus bhí a athair ina gabha. Bhog sí go dtí Los Angeles lena deirfiúr roimh a bhfuair sí an post i stiúideo Disney. Bhuail siad lena chéile nuair a d'fhostaigh Disney í mar phéintéir i 1924. Ar dtús bhí sí ag obair mar rúnaí ach ní raibh sí ábalta an post a dhéanamh[13]. Thosaigh an bheirt ag cúirtéireacht agus cúpla mí in aghaidh chuir sé ceiliúr pósta uirithí. Dúirt Lillian go raibh Disney mar fhear an-nádúrtha agus bhí sé an-spraíúil[2]. Fuair an bheirt acu pósta i mí Iúil, 1925 i dteach deartháir Lillian i Idaho[13].

Tar éis an rath a tháinig le gairm Walt Disney agus a deartháir Roy bhí siad in ann teach a cheannach i gcomhair a tuismitheoirí i California[2]. Bhí teannas i gconaí ann idir Walt Disney agus a athair Elias. Bhí caidreamh teannta idir Walt agus Elias toisc gur roghnaigh Walt dul i dtreo cruthaitheach leis a ghairm ach nuair a fhaca Elias an rath a raibh ag baint le talún Disney, bhí sé an-bhródúil as[13].

I 1931 d'éirigh Lillian torrach ach chaill sí an leanbh. Bhí an-díomá ar Walt agus Lillian, bhí Walt ag iarraidh páistí. Luigh sé isteach go hiomlán ar a chuid oibre agus tar éis tamaill, bhí sé ar tí cliseadh néarógach a bheith aige. Chuaigh sé ar laethanta saoire le Lillian ar feadh cúpla seachtaine agus dúirt Disney go raibh an tsaoire mar thabhartas ó Dhia, bhí meon níos dearfach aige tar eis[2]. I 1933, bhí iníon ag Walt agus Lillian, Diane[16]. I 1936, uchtaigh Walt agus Lillian páiste eile; Sharon[2]. Bhí Walt Disney mar athair an-spraíúil agus bhí sé i gconaí ag iarraidh am a chaitheamh lena hiníonacha[30]. Bhí sé an-tabhachtach do Disney go fhágfadh sé na cailíní ar scoil gach lá, bhí a chlann tábhachtach dó[2].

Bhí Disney ag caitheamh tobac óna raibh sé óg agus tháinig ailse scamhóg ar Walt Disney i 1966[3]. Fuair sé bás i Burbank, i California i Nollaig 1966 tamaill tar éis a d'fhógair sé an oscailt den dara pháirc siamsaíochta. Bhí sé 65 bhliain d'aois.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Selena Barrientos (2019-02-22). "No, Meryl Streep Hasn't Won the Most Oscars in History" (en-US). Good Housekeeping. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 2.11 2.12 PBS (29/08/2017). "Walt Disney PBS American Experience Documentary". Dáta rochtana: 03/04/2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 "Walt Disney" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  4. "Walt Disney Biography - life, family, children, name, story, death, history, wife, school, information, born, contract". www.notablebiographies.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 "Walt Disney | Biography, Movies, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  6. "About Walt Disney" (en-US). D23. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  7. 7.0 7.1 "Walt Disney - Walt Disney:Early Life". waltdisney.weebly.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  8. 8.0 8.1 "From Chicago to Hollywood: The man behind the mouse :: CHICAGO SUN-TIMES :: Lifestyles". web.archive.org (2009-10-03). Dáta rochtana: 2020-04-02.
  9. 9.0 9.1 History-biography (2018-06-17). "Walt Disney" (en-US). History and Biography. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  10. J. J. Sedelmaier (2012-03-26). "How Walt Disney Used His Kansas City Library Card" (en-US). Print Magazine. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  11. gilardcr (2013-02-25). "The Beginning of Disney’s Career" (en). Walt Disney. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  12. Eudie Pak. "Walt Disney's Rocky Road to Success" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  13. 13.0 13.1 13.2 13.3 Michael Barrier (2007). "". The Animated Man: A Life of Walt Disney (1). University of California Press. 
  14. "Walt Disney Biography |" (en-GB). Biography Online. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  15. "Disney Brothers Cartoon Studio Founded". www.famousdaily.com. Dáta rochtana: 2020-04-04.
  16. 16.0 16.1 16.2 "Walt Disney Biography: The Man Who Believed in Dreams" (en-US). Astrum People. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  17. 17.0 17.1 "The rebirth of Oswald the Lucky Rabbit" (en-GB). BBC News (2012-12-03). Dáta rochtana: 2020-04-04.
  18. Fletcher Markle (1963). "Agallamh le Walt Disney". Dáta rochtana: 04/04/2020.
  19. "Steamboat Willie (1928) - IMDb" . 
  20. Claire Suddath (2008-11-18). "Breaking News, Analysis, Politics, Blogs, News Photos, Video, Tech Reviews" (en-US). Time. Dáta rochtana: 2020-04-04.
  21. "Snow White and the Seven Dwarfs" . 
  22. History com Editors. "Disneyland opens" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  23. 23.0 23.1 "Disneyland | History & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  24. Christopher Klein. "Disneyland’s Disastrous Opening Day" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  25. "Walt Disney World Fun Facts" (en-US). Walt Disney World News. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  26. "Oscáilt Disneyland Páras".
  27. "Japan's Disneyland a little different". old.post-gazette.com. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  28. "Today in Disney History: Hong Kong Disneyland Opens" (en-US). Disney Parks Blog. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  29. "Opening Date Set for Shanghai Disney Resort, Disney’s Newest World-Class Destination" (en-US). Disney Parks Blog. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  30. "My Dad Walt Disney - Diane Disney Interview - DisneyAvenue.com".