Áit i Sléibhte Flinders i stát na hAstráile Theas is ea Warratyi agus scailp réamhstairiúil ann. Tá sí suite timpeall 500 ciliméadar lastuaidh de Adelaide agus í ainmnithe mar an áit is sine i lár na tíre a raibh daoine ina gcónaí ann. Tháinig duine de bhunadh na háite ar an láithreán agus é ar lorg ionaid chun a ghnó a dhéanamh. Fuair taighdeoirí na mílte déantúsán agus blúire cnámh ann, rud a chuir ar a gcumas tréimhsí difriúla lonnaithe a aithint idir 49,000 agus 10,000 bliain ó shin. Tá léargas ann ar an dul chun cinn a rinneadh agus uirlisí cnáimhe agus cloiche á gcumadh, ar úsáid an ócair agus ar an mbaint a bhí ag daoine le hainmhithe an-mhóra, leithéid an dipreatodain.

An chuid is trioma de Shléibhte Flinders san Astráil Theas

Fionnachtain cuir in eagar

Tá an láithreán le fáil i gceantar na nAdyamathanha, pobal Bundúchasach, agus é suite i ngleann ag an gceann theas d’imchuach Loch Eyre i dtuaisceart Shléibhte Flinders.[1]

Fuarthas é nuair a bhí Clifford Coulthard, seanóir de chuid na nAdnyamathanha, agus Giles Hamm, seandálaí ó Olscoil La Trobe, ar thuras taisceálaíochta i Sléibhte Flinders.[2]

Nuair a bhí Coulthard ar lorg áite chun a ghnó a dhéanamh tháinig an bheirt ar fhuarán a raibh ealaín charraige ina thimpeall agus scoilteán os a chionn a bhí dubh le súiche. Thuig siad ar an bpointe boise go mbíodh an scoilteán ina fhoscadán agus tinteáin ann.[3] Tá an scoilteán úd timpeall fiche méadar os cionn grinneall abhann, é timpeall deich méadar ar leithead agus ceithre mhéadar ar doimhne.[1]

Rudaí a fuarthas cuir in eagar

Idir 2011 agus 2014 thochail Hamm agus roinnt seandálaithe eile an foscadán síos go dtí doimhneacht aon mhéadar amháin. Ar an 4,300 iarsma a fuair siad bhí blúirí cnámh ó shé speiceas déag mamach agus ó reiptil amháin,[4] in éineacht le huibhneacha éimiú agus éin mhóir dhíofa, Genyornis newtoni.[5] Chomh maith leis sin bhí cnámha de chuid an Diprotodon ann, ainmhí ba chosúil le vombat ach a raibh toirt srónbheannaigh ann. Is dócha gur maraíodh an ceann seo agus gur tugadh chun an fhoscadáin é lena réiteach agus lena ithe.[6] Is cosúil gur bhain an chuid is mó de na cnámha, a raibh meáchan trí chileagram iontu, le speiceas amháin, an valbaí buíchosach carraige.[7]

I measc na ndéantúsán bhí blúirí gipsim, uirlisí feirce agus cloiche, agus snáthaidí cnáimhe. Orthu siúd bhí an uirlis chnáimhe is sine a fuarthas san Astráil. Bhí fianaise anseo maidir leis an bhfeidhm is luaithe a baineadh as an ócar san Astráil agus in oirdheisceart na hÁise.[8] B’fhéidir gur iarsmaí de líonta iad na blúirí d’ábhar snáithíneach atá ann, líonta a d’fhéadfadh daoine a úsáid chun breith ar valbaithe.[9]

Anailís cuir in eagar

Rinneadh an dátú le stratagrafaíocht (chun doimhneacht na ndéantúsán a anailísiú), dátú carbónach déantúsán orgánach, agus lonracht optach spreagtha chun gráinní grianchloiche a dhátú. Thaispeáin sé seo gur baineadh feidhm as an bhfoscadán ar feadh a lán tréimhsí thar na mílte bliain, agus gur 49,000 bliain ó shin a thosaigh daoine ag dul ann. Thaíning laghdú ar an úsáid sin timpeall 35,000 – 24,000 bliain ó shin, nuair a bhí an réigiún an-tirim. Baineadh úsáid measartha mór as an áit timpeall 17,000 bliain ó shin, ach stad daoine de dhul ann timpeall 10,000 bliain ó shin.[10]

Tugann na fionnachtana léargas nua ar choilíniú na hAstráile ag sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Síltear gur tháinig na chéad Astrálaigh i mbáid go dtí tuaisceart na tíre timpeall 50,000 bliain ó shin, agus gur scaip siad feadh na gcóstaí faoi cheann 2,000 bliain, b’fhéidir. Shíltí gur thóg sé i bhfad níos mó ama orthu lár tirim na tíre a bhaint amach, toisc gur dátaíodh fianaise lonnaithe ó Puritjarra sa chuid thiar de lár na tíre 11,000 bliain tar éis na fianaise is sine ó Warratyi. Is léir ón méid a fuarthas ag Warratyi, áfach, gur tharla an scaipeadh i bhfad níos luaithe ná é sin. B’fhéidir go ndeachaigh daoine isteach i lár na tíre go han-luath, iad ag leanúint na n-aibhneacha agus ag cur fúthu timpeall fuarán. Os a choinne sin, áfach, b’fhéidir go ndeachaigh siad caol díreach rompu trí lár na tíre.[11]

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Giles Hamm (2016). "Cultural innovation and megafauna interaction in the early settlement of arid Australia". Nature. Macmillan Publishers Limited. doi:10.1038/nature20125. ISSN 0028-0836. 
  2. http://www.abc.net.au/news/2016-11-03/rock-shelter-shows-early-aboriginal-settlement-in-arid-australia/7983864 'Oldest known evidence of Aboriginal settlement in arid Australia found in Flinders Ranges rock shelter,' Dani Cooper, Australian Broadcasting Corporation, 04/11/2016
  3. http://www.abc.net.au/news/2016-11-03/rock-shelter-shows-early-aboriginal-settlement-in-arid-australia/7983864 'Oldest known evidence of Aboriginal settlement in arid Australia found in Flinders Ranges rock shelter,' Dani Cooper, Australian Broadcasting Corporation, 04/11/2016
  4. http://www.abc.net.au/news/2016-11-03/rock-shelter-shows-early-aboriginal-settlement-in-arid-australia/7983864 'Oldest known evidence of Aboriginal settlement in arid Australia found in Flinders Ranges rock shelter,' Dani Cooper, Australian Broadcasting Corporation, 04/11/2016
  5. https://www.newscientist.com/article/mg23230983-700-first-australians-ate-megafauna-and-used-nets-for-hunting/ 'First Australians ate megafauna and used nets for hunting,' Alice Klein, New Scientist, 02/11/2016
  6. http://www.abc.net.au/news/2016-11-03/rock-shelter-shows-early-aboriginal-settlement-in-arid-australia/7983864 'Oldest known evidence of Aboriginal settlement in arid Australia found in Flinders Ranges rock shelter,' Dani Cooper, Australian Broadcasting Corporation, 04/11/2016
  7. http://www.smh.com.au/technology/sci-tech/astounding-archaeology-discovery-places-inland-human-occupation-of-australia-at-49000-years-20161102-gsg4ox.html 'Astounding archaeology discovery places inland human occupation of Australia at 49,000 year,' Marcus Strom, The Sydney Morning Herald, 03/11/2016
  8. http://www.smh.com.au/technology/sci-tech/astounding-archaeology-discovery-places-inland-human-occupation-of-australia-at-49000-years-20161102-gsg4ox.html 'Astounding archaeology discovery places inland human occupation of Australia at 49,000 year,' Marcus Strom, The Sydney Morning Herald, 03/11/2016
  9. https://www.newscientist.com/article/mg23230983-700-first-australians-ate-megafauna-and-used-nets-for-hunting/ 'First Australians ate megafauna and used nets for hunting,' Alice Klein, New Scientist, 02/11/2016
  10. Annalee Newitz: http://arstechnica.com/science/2016/11/first-discovery-of-50000-year-old-human-settlements-in-australian-interior/ 'First discovery of 50,000-year-old human settlements in Australian interior,' Ars Technica, 03/11/2016
  11. https://www.newscientist.com/article/mg23230983-700-first-australians-ate-megafauna-and-used-nets-for-hunting/ 'First Australians ate megafauna and used nets for hunting,' Alice Klein, New Scientist, 02/11/2016