William James MacNeven

scríbhneoir agus dochtúir Gael-Mheiriceánach

Lia is ceimicí a rugadh i mBaile na hAbhna, Contae na Gaillimhe, ab ea William James MacNeven (21 Márta 1763 - 12 Iúil 1841).[1] Oileadh é i Vín agus Prág. Ar ais i mBaile Átha Cliath bhí sé i gceannas sa Chumann Caitliceach agus na hÉireannaigh Aontaithe. Cuireadh i bpríosún é i 1798. Nuair a saoradh é i 1802 cuireadh bac air filleadh go hÉirinn, agus i 1803 chuaigh sé go Nua-Eabhrac. Luigh sé isteach ar thaighde sa cheimic in Ollscoil Nua-Eabhrac, ar uisce mianraí Nua-Gheirsí ar dtús, tionchar uisce ar shláinte an phobail, agus comhdhúile bairiam is cailciam. Scríobh sé An Exposition of the Atomic Theory (Míniú ar an Teoiric Adamhach, 1819). Chuir sé an cheimic go mór chun cinn i Meiriceá, ionas gur tugadh ‘athair na ceimice Meiriceánaí’ mar leasainm air.[2]

Infotaula de personaWilliam James MacNeven

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1763
Eachroim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Iúil 1841
78 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Find a Grave: 16587196 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MacNEVEN, William James (1763–1841) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "William James MacNeven". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 428.