William Orpen

ealaíontóir Éireannach

Ba phéintéir portráidí Éireannach a bhí i William Orpen KBE, RA, RHA (Major Sir William Newenham Montague Orpen; 27 Samhain 187829 Meán Fómhair 1931) a rinne an chuid ba mhó dá chuid oibre i Londain. Rugadh i, Baile Átha Cliath é,

Infotaula de personaSir
William Orpen

(1903) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) William Newenham Montague Orpen
27 Samhain 1878
Stigh Lorgan Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meán Fómhair 1931
52 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Putney Vale Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Mhínealaíne Slade
An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, amharc-ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráid
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleatamaor Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Ghlac sé/sí páirt i
1928Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileGrace Orpen Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíEvelyn St. George Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVivien Antonia Bligh St. George
 ( Howard Bligh St. George (en) AistrighEvelyn St. George) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArthur Orpen  agus Anne Caulfeild
SiblínRichard Orpen
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 8730779 Cuir in eagar ar Wikidata
féinphortráid, 1907; déanann sé léiriú magúil air féin

Saol cuir in eagar

 
féinphortráid, circa 1910

Rugadh Orpen, ar Phrotastúnach é, in 1878 agus tógadh é i Stigh Lorgan, taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath.[1] Aithníodh agus é ina pháiste go raibh buanna ar leith aige san ealaín agus cuireadh chuig Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath é nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d’aois. Sé bliana ina dhiaidh sin fuair sé áit sa Slade, an coláiste cáiliúil ealaíne i Londain, agus rinne sé staidéar ansin ar shaothar na seanmháistrí faoi stiúir Henry Tonks.[2]

Portráidí cuir in eagar

Sna 1900idí, ba línitheoir oilte é agus d’éirigh go maith leis i saol na healaíne ag déanamh portráidí na ndaoine mór le rá sa tréimhse díreach sular bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. idir na staidéir choirp agus phortráidí de dhaoine éagsúla, chomh maith leis na féinphortráidí ina ndéanann sé léiriú magúil air féin.[2]

 
féinphortráid, circa 1913

Bhí tábhacht lárnach ag mná ina shaol, ag tosú lena mháthair. Phós sé bean darbh ainm Grace Knewstub a bhí mar ábhar pictiúir sna blianta tosaigh den phósadh. In ainneoin an ghrá a bhí aige di, ba mhinic a bhí caidreamh aige le mná eile, go háirithe na mná a bhí mar mhainiciní aige. Tá an pictiúr ab fhearr leis féin, The English Nude, atá mar chuid den tsraith nuálach a rinne sé ar an chorp nocht sa bhliain 1900.[3][4]

Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.

Ealaíontóir cogaidh cuir in eagar

Ceapadh Orpen ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh ar 30 Eanáir 1917, fostaithe ag Rialtas na Breataine, agus thaisteal sé go dtí an Fronta Thiar sa bhliain chéanna.[5] Is anseo a rinne sé líníocht agus péintéireacht ag léiriú saighdiúirí marbha agus Gearmánaigh a bhí ina bpríosúnaigh, chomh maith le portráidí de na polaiteoirí agus na ginearáil. Chuaigh na radharcanna a chonaic sé go mór i bhfeidhm air agus is san Imperial War Museum atá an chuid is mó acu le feiceáil anois.[2]

Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh sé cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an dá thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha. In ainneoin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean dó na figiúir a ghlanadh amach.

 
féinphortráid, circa 1917; déanann sé léiriú magúil air féin

Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh ; tháinig an t-éadóchas agus an drochshláinte air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha dá shaol.

Fuair Orpen bás i 1931 agus clú air ag an am mar dhuine de na healaíontóirí ba cháiliúla sa Bhreatain.[2]

Saothar cuir in eagar

Rinne Orpen portráidí de William Máirtín Ó Murchadha agus de John McCormack i measc daoine eile.[2]

Reáchtáladh mhórthaispeántas san Imperial War Museum i Londain sa bhliain 2005, an chéad cheann i ndánlann náisiúnta a rinne athbhreithniú cuimsitheach ar shaothar Orpen.[6]

 
Tá an pictiúr ab fhearr leis féin, The English Nude, atá mar chuid den tsraith nuálach a rinne sé ar an chorp nocht sa bhliain 1900.[3][4]

Tionchar cuir in eagar

In ainneoin go raibh sé lonnaithe i Londain, chaitheadh Orpen tréimhsí ag péinteáil in Éirinn agus tá a thionchar le brath ar ealaíontóirí na tíre ar nós Sean Keating, a bhí ag dul i mbun oibre ag an am.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. áit a bhfuil eastát tithíochta Orpen a ainmníodh ina onóir, ann anois
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Ciara Nic Gabhann (Aibreán 2005). "William Orpen: an pholaitíocht, an gnéas agus an bás" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  3. 3.0 3.1 Collections (2018-05-22). "Sir William Orpen (1878-1931)" (en-US). The Barber Institute of Fine Arts. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  4. 4.0 4.1 "William Orpen Painting The English Nude". www.allartclassic.com. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  5. encyclopedia.1914-1918-online.net (2 MF 2022). "Orpen, William". Dáta rochtana: 2023.
  6. Bhí suas le 80 staidéar ola agus 40 píosa líníochta dá chuid le feiceáil san iomlán agus iad tógtha ó fhoinsí éagsúla ar fud na hEorpa, chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe.