William Parsons

3ú Iarla an Rois, réalteolaí a rugadh in Eabhrac Shasana ab ea William Parsons (17 Meitheamh 1800 – 31 Deireadh Fómhair 1867). Sna 1840idí thóg sé réadlann i gCaisleán Bhiorra is chruthaigh an teileascóp scáthánach le trastomhas 2 m, an teileascóp frithchaiteach ba mhó ar Domhan ag an am. D'éirigh leis scéim a cheapadh chun dhá scáthán mar seo, 4 thonna an ceann, a dhéanamh as cóimhiotal spéacalaim. Bhí an scáthán suite i bhfeadán adhmaid, 19 m ar fhad, is an feadán seo idir dhá bhalla throma saoirseachta. Thugtaí Leiviatan Parsonstown ar an teileascóp, an teileascóp ba mhó go ceann 70 bliain. Bhí an ionstraim seo chomh cumasach sin gurbh fhéidir réaltraí a bhreathnú leis, agus bhí an t-iarla in ann cur síos ar chruth bíseach cuid acu, rud nárbh eol ag an am. Thóg sé ionstraim eile le trastomhas 1 m freisin. Fuair Parsons bás i mBaile na Manach, i gContae Bhaile Átha Cliath, agus é 67 bliana d'aois.

William Parsons
William Parsons, 3rd Earl of Rosse photo.jpg
Ball de Theach na dTiarnaí


ball den 7ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 30, 1821 - Meitheamh 2, 1826
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball den 8ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 7, 1826 - Iúil 24, 1830
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1826
Ball den 9ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 29, 1830 - Aibreán 23, 1831
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1830
Ball den 10ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Aibreán 28, 1831 - Nollaig 3, 1832
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1831
1. Fear Ionaid an Rí

Deireadh Fómhair 7, 1831 - Deireadh Fómhair 31, 1867
ball den 11ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 10, 1832 - Nollaig 29, 1834
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1832
President of the British Science Association (en) Aistrigh

1843 - 1844 - George Peacock
27. uachtarán an Chumainn Ríoga

1848 - 1854
Spencer Compton, 2nd Marquess of Northampton (en) Aistrigh - John Wrottesley, 2nd Baron Wrottesley (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheEabhrac, 17 Meitheamh 1800
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Ríocht na Breataine Móire
BásCaisleán Bhiorra, 31 Deireadh Fómhair 1867
Muintir
AthairLawrence Parsons, 2nd Earl of Rosse
MáthairAlice Lloyd
Céile/CéilíMary Parsons  (Aibreán 14, 1836 -  luach anaithnid)
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmréalteolaí agus polaiteoir
Áit oibreLondain
Saothar iomráiteachLeviathan of Parsonstown (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Eolaíochtaí Saint Petersburg
An Cumann Ríoga
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
Leiviatan Parsonstown, am éigin sular baineadh anuas é sa bhliain 1914