Ba mhatamaiticeoir, fisiceor agus réalteolaí Éireannach é Sir William Rowan Hamilton (4 Lúnasa, 18052 Meán Fómhair, 1865). Rinne sé saothar i bhfisic theoiriciúil maidir le hoptaic is meicnic, agus sa mhatamaitic. Chuir Hamilton go mór le forbairt na hoptaice, na dinimice agus an ailgéabair. Réamhinis sé athraonadh solais i gcriostail, rud a dhearbhaigh turgnaimh níos déanaí. Baintear feidhm as graif Hamilton sa mhatamaitic scoite nua-aoiseach, go hiondúil. Ceapadh ar an gcéad fho-bhall d'Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Mheiriceá i 1863, mar an eolaí beo ba mhó. Bhí sé ina cheannasaí i Réadlann Dhún Since ar feadh tamaill[1].

William Rowan Hamilton
William Rowan Hamilton painting.jpg
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Lúnasa 4, 1805
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Grúpa eitneach Muintir na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Meán Fómhair 2, 1865
Áit adhlactha Reilig Chnocán Iaróm
Muintir
Páistí
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Westminster School (en) Aistrigh
Ollscoil Átha Cliath
Leibhéal oideachais Baitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Teangacha An Béarla
Múinteoirí John Mortimer Brinkley (en) Aistrigh
Gairm
Gairm matamaiticeoir, fisiceoir, réalteolaí, acadóir, múinteoir ollscoile agus fisiceoir teoiriciúil
Fostóirí Saint Petersburg Academy of Sciences (en) Aistrigh
Duais
Daoine le tionchar air/uirthi Zerah Colburn
Ballraíocht Cumann Ríoga
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Saint Petersburg Academy of Sciences (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Ríoga na hÉireann
Royal Prussian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Accademia delle Scienze di Torino
Creideamh
Reiligiúin Anglacánachas

Is é fionnachtain an cheathairnín a thug clú agus cáil dó. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa 19ú-20ú céad, sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann AoB is BoA, ina seasann "o" don oibriú.

Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathaimíon[2]. Baintear feidhm as matamaitic thacar veicteoirí a bhfuil uimhreacha sarnhailteacha iontu inniu i ngrafaicí tríthoiseacha i ríomhairí is córais stiúrtha spásárthach.

Níos déanaí chuir an obair a rinne Hamilton le dinimic go mór le forbairt na Meicnice Candamaí, réimse ina a bhfuil an coincheap bunúsach Hamiltonian ainmnithe in ómós dó.

Dúradh gur thaispeáin Hamilton a thallann agus a chlisteacht nuair a bhí sé an-óg. Dúirt an réalteolaí Ardeaspaig Dr. John Brinkley sa bhliain 1823 faoi Hamilton a bhí 18 bliain d'aois:

"Ní deirim go mbeidh an fear óg seo, ach go bhfuil sé, an céad matamaiticeoir den aois seo"


TagairtíCuir in Eagar

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p334
  2. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p18