Státrúnaí Thuaisceart Éireann idir 1972-1973 agus leas PhríomhAire de facto ar an Ríocht Aontaithe (1979-1988) ab ea William Whitelaw MP (28 Meitheamh 19181 Iúil 1999).

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
William Whitelaw
Ainm sa teanga dhúchais(en) William Whitelaw, 1st Viscount Whitelaw
Beathaisnéis
Breith28 Meitheamh 1918
Inbhir Narann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Iúil 1999
81 bliana d'aois
Píoraid, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCumbria Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
11 Meitheamh 1983 – 1 Iúil 1999 (bás in oifig)
Ceannaire teach na dtiarnaí
11 Meitheamh 1983 – 10 Eanáir 1988
← Janet Young, Baroness Young (en) AistrighJohn Ganzoni, 2nd Baron Belstead (en) Aistrigh →
Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Meitheamh 1983 – 11 Meitheamh 1983 (elevation to the House of Lords (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Deputy Prime Minister of the United Kingdom (en) Aistrigh
4 Bealtaine 1979 – 10 Eanáir 1988
← Rab Butler (en) AistrighGeoffrey Howe →
Rúnaí Baile
4 Bealtaine 1979 – 11 Meitheamh 1983
← Merlyn ReesLeon Brittan (en) Aistrigh →
Ball den 48ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine 1979 – 13 Bealtaine 1983 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Scáth Rúnaí Baile
11 Aibreán 1976 – 4 Bealtaine 1979
← Ian Gilmour, Baron Gilmour of Craigmillar (en) AistrighMerlyn Rees →
Ball den 47ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
10 Deireadh Fómhair 1974 – 7 Aibreán 1979 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Scáth-Rúnaí Stáit Fostaíochta
11 Márta 1974 – 29 Deireadh Fómhair 1974
← Reg Prentice, Baron Prentice (en) AistrighJames Prior →
Cathaoirleach an Pháirtí Caomhaigh
4 Márta 1974 – 11 Feabhra 1975
← Peter Carington, 6th Baron Carrington (en) AistrighPeter Thorneycroft, Baron Thorneycroft (en) Aistrigh →
Ball den 46ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
28 Feabhra 1974 – 20 Meán Fómhair 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Rúnaí Stáit na Fostaíochta
2 Nollaig 1973 – 4 Márta 1974
← Maurice MacmillanMichael Foot →
1 Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann
24 Márta 1972 – 2 Nollaig 1973
← luach ar iarraidh – Francis Pym, Baron Pym →
Ceannaire Theach na dTeachtaí
20 Meitheamh 1970 – 7 Aibreán 1972
← Fred Peart, Baron Peart (en) AistrighRobert Carr (en) Aistrigh →
Ball den 45ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
18 Meitheamh 1970 – 8 Feabhra 1974 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Ball de 44ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
31 Márta 1966 – 29 Bealtaine 1970 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Conservative Chief Whip (en) Aistrigh
16 Deireadh Fómhair 1964 – 20 Meitheamh 1970
← Martin RedmayneFrancis Pym, Baron Pym →
Ball den 43ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Deireadh Fómhair 1964 – 10 Márta 1966 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Ball den 42ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Deireadh Fómhair 1959 – 25 Meán Fómhair 1964 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Ball den 41ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
26 Bealtaine 1955 – 18 Meán Fómhair 1959 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Penrith and The Border (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge
Coláiste Winchester
Wixenford School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Eile
Teideal uasalAn Bíocunta Whitelaw (1983–) Cuir in eagar ar Wikidata
CéileCelia Whitelaw, Bíocuntaois Whitelaw (1943–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSusan Cunliffe-Lister, Mary Whitelaw, Carolyn Meliora Whitelaw, Pamela Whitelaw Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Whitelaw  agus Helen Russell
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 168039242 Cuir in eagar ar Wikidata

Cainteanna cuir in eagar

Sa bhliain 1972, thosaigh idirbheartaíocht faoi choim idir Whitelaw agus an IRA.[1] Bhí na Sealadaigh féin sásta sos cogaidh a ghlacadh le dul i gcomhchainteanna leis an Rialtas Briotanach. Ar an 7 Iúil 1972, bhuail William Whitelaw le toscaireacht an IRA Shealadaigh, ar a raibh Seán Mac Stiofáin, Séamus Ó Tuama, Dáithí Ó Conaill, Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mac Aonghusa, faoi rún i Londain.

Is iad na héilimh a chuir Seán Mac Stiofáin os comhair Whitelaw ná:

  • go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go poiblí go raibh sé i bhfách le muintir oileán na hÉireann go léir a dtuairim a thabhairt agus vóta a chaitheamh chun todhchaí na hÉireann a shocrú;
  • go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go nglanfadh na saighdiúirí Briotanacha as Éirinn roimh an 1 Eanáir 1975;
  • go mbaileodh na saighdiúirí Briotanacha leo láithreach as na ceantair ghoilliúnacha;
  • go bhfaigheadh na cimí polaitiúla pardún ginearálta;
  • go gcuirfí deireadh ar an toirt le hoibríochtaí armtha na saighdiúirí Briotanacha, agus
  • go n-éireofaí as an imtheorannú gan mhoill.

Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh seo. Go bunúsach, bhí sé fonnmhar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le maolú ar chruachás na gCaitliceach i dTuaisceart Éireann, agus shíl sé go bhféadfadh sé cuidiú a fháil ó thoscaireacht na Sealadach leis na leasuithe seo a dhréachtú agus a phleanáil.

Maidir leis na toscairí, áfach, bhí port eile ar fad á sheinm acusan: bhí siad meáite ar athaontú na hÉireann a bhaint amach. Bhí siad fonnmhar chun sceideal na n-ullmhúchán don athaontú a phlé le Whitelaw agus spás ama a ghéilleadh don Rialtas Briotanach ar chúiseanna praiticiúla, ach sin a raibh ann.

Mar sin agus ar an ábhar sin, níor tháinig a dhath as an ngnáth as na comhchainteanna seo. Shocraigh an dá thaobh go gcoinneoidís an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí an 14 Iúil, agus go rachaidís i dteagmháil le chéile sula gcromfaidís ar ais ar an ngleic armtha. Thit an sos cogaidh as a chéile go gairid i ndiaidh dheireadh an chéad bhabhta comhchainteanna, ámh. B'é ba phríomhchúis leis sin ná go raibh na Sealadaigh ar leibhéal na sráide ag iarraidh, san am céanna, socrú leis na saighdiúirí go mbeadh cead ag na Caitlicigh gan dídean roinnt tithe a shealbhú a bhí tréigthe ag a n-úinéirí Protastúnacha.

Bhí na saighdiúirí féin sásta cead isteach a ghéilleadh do na Caitlicigh, ach ansin, chuir Cumann Cosanta Uladh (an tUDA) a ladar sna cúrsaí. Bhagair siad míle murdar ar na Caitlicigh dá mbeadh siad chomh dána leis na tithe a shealbhú, agus dealraíonn sé gur thit an lug ar an lag ag na saighdiúirí ansin.

Nuair a tháinig an chéad leoraí ag tabhairt isteach troscáin de chuid na gCaitliceach, stop na saighdiúirí í, ó nach raibh siad fonnmhar an iomarca feirge a chur ar na Dílseoirí, agus nuair a d'fhéach cúpla Óglach de chuid an IRA na saighdiúirí a chur ar athrú comhairle, gabhadh iad. B'é an tátal a bhain Séamus Ó Tuama as na himeachtaí seo ná go raibh na saighdiúirí tar éis an tsíocháin a bhriseadh, agus chrom na Sealadaigh ar an gcogaíocht arís.[2]

uaimh

Conspóid Gerry Adama cuir in eagar

Sa bhlaiin 1973, ciontaíodh Gerry Adams faoi dhó, as dhá iarracht a dhéanamh éalú ón bpríosún. Dar le Lord Kerr sa bhliain 2020, bhí dualgas reachtúil ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann i 1973, Whitelaw ag an am, scrúdú pearsanta a dhéanamh ar iompar Adams agus cinneadh pearsanta a dhéanamh faoi ordú chun é a ghabháil ar bhonn sealadach. Ach aire eile a rinne an cinneadh sin i 1973.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "British Cabinet Account Of 1972 IRA Ceasefire Talks" (en). The Broken Elbow (2014-01-21). Dáta rochtana: 2022-07-07.
  2. "Battle of Lenadoon" (as en) (2022-03-04). Wikipedia. 
  3. John-Paul McCarthy (13 Bealtaine 2020). "Bua do Gerry Adams sa Chúirt Uachtarach, ach cén fáth gur cuireadh a chiontú i 1973 ar neamhní?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-07.