Willie Clancy
Siúinéireacht an cheird a bhí ag Willie Clancy (24 Nollaig 1918 - 24 Eanáir 1973) as Contae an Chláir. Máistir ar an bpíb uilleann a bhí ann agus is mór an tionchar a bhí ag Willie Clancy ar an bpíobaireacht. Sheinn sé an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin freisin. Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.[1]
![]() (2016) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Nollaig 1918 Sráid na Cathrach, Éire ![]() |
Bás | 24 Eanáir 1973 54 bliana d'aois Gaillimh, Éire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir ![]() |
Tréimhse oibre | 1938 – |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Uirlis | Píb mhála agus píoba uilleann |
![]() ![]() ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/ga/thumb/8/81/Willie_Clancy_plaic_chuimhneach%C3%A1in.jpg/220px-Willie_Clancy_plaic_chuimhneach%C3%A1in.jpg)
Saol
cuir in eagarBhí tionchar mór ag a athair Gilbert ar Willie, le ceol a tháinig anuas ón bpíobaire dall as Eidhneach, Garret Barry. Ach ba é Johnnie Doran, píobaire den lucht siúil, an tionchar ba mhó a bhí ar a chuid ceoil. Nuair a chuala sé Doran den chéad uair, thit sé go hiomlán faoi dhraíocht na píbe. D’fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.
De réir na dtuairisicí ar fad faoi Willie Clancy, ba dhuine cúthail, séimh, umhal é. Níor dhuine é a bheadh ag tarraingt airde air féin.[1]
Bás agus oidhreacht
cuir in eagarBhí Clancyag éileamh lena chroí agus fuair sé anbhás (in aois 54 dó) ar 24 Eanáir 1973.
Gaeilge
cuir in eagarNíor labhair Clancy an Ghaeilge, ach bhí ardmheas aige ar an teanga. Dúirt sé "The Irish language is the greatest music of all" nó "Is í an Ghaeilge an ceol is ansa liom" .[2]
Bhí an-dúil ar fad aige sna hamhráin i nGaeilge. Ar 16 Feabhra 1973, ag an gcéad chruinniú a bhí ann chun tionscadal éigin a bhunú a dhéanfadh comóradh ar shaol Willie Clancy dúradh: “Pé rud a déanfar beidh sé bunaithe ar an traidisiún Gaelach go raibh grá chomh mór sin ag Willie dó. Leanfar ar aghaidh le meon Willie an teanga agus an ceol Gaelach a leathnú agus a fhorbairt.”[1]
Féach freisin
cuir in eagar- Scoil Samhraidh Willie Clancy, ainmnithe in onóir dó.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Antaine Ó Faracháin (Iúil 2002). "Ceiliúradh cuí ar shaol laoich de chuid an cheoil" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2023-01-24.
- ↑ "'The Irish language is the greatest music of all"" (en). Reading the Signs. Dáta rochtana: 2023-01-22.