Willie Redmond
Teachta Parlaiminte don Chlár Thoir, deartháir le ceannaire an Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (John Redmond), saighdiúir agus duine dár bpríomh-earcaitheoirí d’Arm na Breataine in Éirinn ab ea William Hoey Kearney Redmond nó Willie Mac Réamainn (13 Aibreán 1861 – 7 Meitheamh 1917).

LuathshaolCuir in Eagar
Rugadh William Redmond sa bhliain 1861 i Loch Garman do mhuintir mór le rá sa saol polaitiúil agus gnó. Ar chuireadh ó Pharnell chuaigh John Redmond, deartháir William, isteach i bParlaimint Westminster in 1881.
Ag an am bhí William Redmond in a oifigeach i gcathlán Loch Garman den Royal Irish Regiment. D’éirigh sé as a choimisiún chun páirt a glacadh i gCogadh na Talún, agus chaith sé seal i bPriosún Chill Mhaighneáin de bharr a chuid gníomhaíochta sa chogadh sin.
I dteannta a dhearthár, agus ar iarratas ó Pharnell, chuaigh sé ag bailiú airgid san Astráil. Le linn dó a bheith ann chas sé leis an mbean a phós sé, Eleanor Dalton, iníon le hoifigeach dlí Astráileach.
PolaitíochtCuir in Eagar
Toghadh Willie mar M.P. do Loch Garman in 1883 agus d’Fhear Manach in 1885. Sheas sé le Parnell nuair a scoilt an Páirtí Éireannach mar gheall ar Kitty O’Shea agus bhuaigh sé suíochán in Oirthear an Chláir in 1890, suíochán a choinnigh sé go dtí go bhfuair sé bás i 1917.
Mar fheisire i Westminster, bhí Willie Redmond faoi scáth a dhearthár. Ní dhearna sé aon éacht pharlaiminte, ach bhí meas air i measc a chomfheisirí.[2]
Fear ionraic cróga ab ea Willie Redmond, fear a thug géillsine do Rí Impire na Breataine agus a bhí dílis dó go bás. Chreid sé sa Ríocht agus san impireacht úd, agus gurbh é leas na hÉireann a bheith mar dhlúthchuid díobh, ach Rialtas Dúchais a bheith aici. Is léir, ámh, nár chreid sé sa scarúnachas ná i neamhspleáchas na hÉireann.[3]
An Chéad Chogadh DomhandaCuir in Eagar
Nuair a d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin chuaigh Willie i mbun earcaíochta in Éirinn d’arm na Breataine, agus go háirithe don 16ú Rannán.
1914Cuir in Eagar
Cé go raibh sé ina theachta Parlaiminte agus os cionn gnáthaois saighdiúrachta (in aois 53 dó sa bhliain 1914), liostáil Willie agus lorg sé ceapachán sna línte tosaigh.
Ar an 22 Samhain 1914 i gCorcaigh, thug Willie Redmond óráid cáiliúil, a eagraíodh chun fir Éireannacha a spreagadh chun liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[4]
1917Cuir in Eagar
Is ar an óráid deiridh a thug sé i Westminster is mó atá cuimhne air. Ar an 7 Márta 1917, chuidigh Willie Redmond le rún a mhol T.P O’Connor go gcuirfí an tAcht um Rialtas Dúchais, a bhí ar fionraí, i bhfeidhm láithreach. Rinne sé mór den aontas a mhaígh sé a bheith idir shaighdiúirí as Éirinn in arm na Breataine, ba chuma ar Chaitlicigh nó Protastúnaigh iad, as Uladh nó eile, a bhí ag troid i dteannta a chéile in aghaidh namhad chomónta.
Thagair sé don tacaíocht, ar an gcoinníoll go nglacfadh Protastúnaigh na Sé Chontae leis, a bhí léirithe sa pharlaimint don Acht D’impigh sé ar Edward Carson aontú agus thairg sé glacadh le coinníollacha a chuirfeadh chun suain imní na bProtastúnach roimh an móramh Caitliceach, cé nár chreid sé féin go raibh gá lena leithéid. Ar ndóigh, níor aontaigh Carson, theip ar an rún agus d’fhill Willie Redmond go brónach ar na trínsí.
BásCuir in Eagar
Gortaíodh go marfach an Captaen Willie Redmond (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh 1917 i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.
Cuireadh é tráthnóna 8 Meitheamh i ngairdín clochair i mbaile beag Loecre.
OidhreachtCuir in Eagar
Tar éis bhás Bhall Phairliminte Willie Redmond, reachtáladh toghchán áitiúil in Oirthear Clár. Buaigh Éamonn de Valera, iarrthóir Shinn Féin, ar Patrick Lynch ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a fuair sé tromlach 2,975 vóta.[5]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Illustrated London News (6 Bealtaine 1916). "'The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .".
- ↑ "Feasta - alt 7". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-30. Dáta rochtana: 2020-11-22.
- ↑ "Willie Redmond: time has come to settle the Irish Question | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-22.
- ↑ "Major Willie Redmond MP | The Western Front Association". www.westernfrontassociation.com. Dáta rochtana: 2020-11-22.
- ↑ "centenaries.ucd.ie" (1916). Dáta rochtana: 2020.