Achtaíodh Acht na Leanaí, 1929[1] (nó Acht na Leanbhaí, the Childrens' Act) in Éirinn ar an 24 Iúil 1929.[2] Sna blianta ina dhiaidh sin, méadaíodh líon na leanaí a cuireadh i ngéibheann sna scoileanna saothair in Éirinn i lár an 20ú haois, trí leathnú a thabhairt isteach maidir leis an gcatagóir leanaí gurbh fhéidir a rá go raibh siad ar an anás, sa chaoi is gurbh fhéidir iad a chur isteach in áit dá leithéid sin.[3][4]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht na Leanaí, 1929
Map
Cineálacht parlaiminte Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe24 Iúil 1929 Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLirishstatutebook.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin, 1958, Páirc an Chrócaigh
An scoil saothair is mó - Naomh Seosamh Ard Aidhin. Dúnadh é i 1969.[5]
Osclaíodh scoil saothair Naomh Iósaf[6] sa bhliain 1887. Dúnadh an t-ionad míchlúiteach in 1973/74[7]

Mí-úsáid leanaí cuir in eagar

Bhí go leor páistí ann ar cuireadh chuig na Scoileanna Saothair iad nár mar thoradh ar na Cúirteanna, m.sh. atreorú ó Bhord Sláinte, Socrú Príobháideach, srl[8] suas go dtí tús na 1970idí (ag an am céanna, bhí cailíní agus mná á gcur isteach in ionaid Mhaigdiléana[9]).[10]

Ba fhurasta mí-úsáid a bhaint as an gcóras agus fágadh cuid mhór mí-úsáide gan tuairisciú ar feadh na mblianta. Bhí pionós corpartha inghlactha sna scoileanna agus tugadh íde béil do na leanaí go minic. Rinneadh mí-úsáid ghnéis ar pháistí ó am go ham. Aistríodh páistí go institiúidí in éadan thoil a muintire uaireanta.

Mar shampla in 2003, tugadh fianaise uafásach i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí, i measc daoine eile, a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.[7]

Príomhalt: Scoil saothair

Fiosrúchán cuir in eagar

Gabhadh leithscéal oifigiúil in 1999. Craoladh sraith "States of Fear"[11] ar RTÉ le Mary Raftery[12] i mí Aibreáin agus Bealtaine 1999. Díreach roimh an gclár deireanach, ar an 11 Bealtaine 1999, bhí leithscéal thar ceann an stáit gafa ag an Taoiseach Bertie Ahern leis na hógánaigh agus teaghlaigh a d’fhulaing.[13][14]

Bunaíodh An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú ar an 23 Bealtaine 2000 (de bhun an Achta um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú 2000) chun fiosrúchán a dhéanamh ar dhrochúsáid leanaí in institiúidí, agus i gcásanna inar deimhin leis go raibh drochúsáid, na cúiseanna, an nádúr, na himthosca agus an mhéid a bhaineann le drochúsáid den sórt sin a chinneadh.

Sna 2000idí, bhí na breithimh Mary Laffoy (go dtí 2003), agus ansin Seán Ryan[15] (Ó Riain), ina gcathaoirligh ar an gCoimisiún.[16] Foilsíodh an Tuarascáil Ryan sa bhliain 2009 maidir le feidhmiú an chórais scoileanna saothair.[17]

Bertie Ahern 1997. Leithscéal gafa ar an 11 Bealtaine 1999

Caranua cuir in eagar

Ar an 25 Iúil 2012, ritheadh an tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012.[18] Bunaíodh Ciste, Caranua, chun cúiteamh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2013, más mall is mithid.[19] Íocann an Ciste as seirbhísí (mar shampla sláinte, tithíochta agus oideachais agus seirbhísí eile) do dhaoine (cé acu atá siad in Éirinn nó atá siad ar an gcoigríoch)

  • a chaith am i bhforas cónaithe in Éirinn agus iad ina leanaí, agus
  • a fuair dámhachtain trí shocrú nó cinneadh cúirte nó ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe maidir leis an am a chaith siad i bhforas.
1956 - 1962

Cruthaíodh an ciste trí ranníocaíochtaí, a bhí níos mó ná €110 milliún san iomlán, ó na cuallachtaí reiligiúnacha a bhí freagrach, in éineacht leis an Stát, as na forais chónaithe ábhartha a ritheadh. Tá sé mar aidhm ag rialtais go roinnfí costas an leorghnímh iomláin do dhaoine ar tugadh drochúsáid orthu sna forais chónaithe (a mheastar gur €1.36 billiún é) ar bhonn caoga-caoga idir na cuallachtaí agus an Stát.[20]

Ós rud é gur ciste teoranta atá á riarú ag Caranua, tá sé ag tabhairt a chuid oibre chun críche de réir a chéile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tithe an Oireachtais (1928-06-06). "Díospóireachtaí ; Acht na Leanbhaí, 1929 – Uimh. 24 de 1929 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  2. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Téacsː ACHT NA LEANBHAÍ, 1929" (ga). www.achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-25. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  3. An Scoil Dlí COBAC. "The Children Act, 1929" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  4. Mairéad Ní Nuadháin (28 Bealtaine 2021). "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  5. "Artane Industrial School" (as en) (2020-06-24). Wikipedia. 
  6. "St Joseph's Industrial School, Letterfrack" (as en) (2024-03-19). Wikipedia. 
  7. 7.0 7.1 Uinsionn Mac Dubhghaill (Nollaig 2003). "Blianta an uafáis i Leitir Fraic" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  8. gov.ie (2024-05-11). "Saoráil Faisnéise Iarratais Iarchónaitheoirí Scoileanna Saothair". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-11. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  9. "Magdalene Laundries in Ireland" (as en) (2024-05-05). Wikipedia. 
  10. Mairéad Ní Nuadháin (28 Bealtaine 2021). "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  11. "States of Fear" (as en) (2023-03-19). Wikipedia. 
  12. "Mary Raftery" (as en) (2024-01-14). Wikipedia. 
  13. Bertie Ahern reflects on the apology that led to the Ryan report (2019). "► VIDEO: “The effect of the apology I had underestimated. I did not think it would mean as much" - 20 years on," (as en-IE). 
  14. "Bertie Ahern: State’s 1999 apology to abused children was ‘absolutely necessary’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  15. "Sean Ryan (judge)" (as en) (2024-02-25). Wikipedia. 
  16. education.ie. "An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú (CICA)" (ga-IE). Department of Education and Skills. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-10. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  17. gov.ie / Tuarascáil Ryan (Samhain 2009). "Commission of inquiry into child abuse". Dáta rochtana: 2024.
  18. Tithe an Oireachtais (2012-04-13). "Téacs - An tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 – Uimh. 35 de 2012 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  19. Caranua. "What We Can Do" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-07-25.
  20. Tá easaontas leanúnach idir an dá taobh an dócha go n-íocfaidh na cuallachtaí a leath den chostas — tríd an €110 milliún a tugadh do Charanua, an €128 a tugadh faoin gcomhaontú slánaíochta a rinneadh sa bhliain 2002 agus tairiscintí ar ionaid réadmhaoine éagsúla a aistriú go dtí an Stát.