Banna ceoil traidisiúnta Éireannach ab ea Ceoltóirí Chualann, faoi stiúir Seán Ó Riada, lena n-áirítear go leor de bhunaitheoirí The Chieftains. Chuir an cór coincheapanna ceannródaíocha i bhfeidhm ar an gceol traidisiúnta agus d’athraigh siad treo an cheoil thraidisiúnta in Éirinn. Bhí drochmheon in Éirinn i leith an cheoil thraidisiúnta nuair a thosaigh Ceoltóirí Chualann amach, agus bhí an-tionchar ag an gceol a chas siad ar an meon sin a athrú chun feabhais.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaCeoltóirí Chualann
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Áit ar bunaíodh éBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1960 –  1969
Lipéad ceoilGael-Linn Records
Claddagh Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann agus ceol Ceilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Musicbrainz: 66c831a7-fae8-47a3-b346-10cf81b52917 Discogs: 2357447 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé luaite gurb é obair Uí Riada le Ceoltóirí Chualann a bhí freagrach as úsáid na mbodhrán mar cnaguirlisí sa cheol Ceilteach a athbheochan.[2]

Seán Ó Riada
Paddy Moloney, ball den Chieftains níos déanaí

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1960 bhí Ó Riada ag lorg ceoltóirí le haghaidh an dráma "The Song of the Anvil"[3] le Bryan MacMahon. Glaodh ar Paddy Moloney (a bhí 20 bliain d'aois san am), le bheith rannpháirteach sa tionscadal, in éineacht lena gcairde Seán Potts ar an bhfeadóg stáin, Sonny Brogan ar an mbosca ceoil agus John Kelly ar an bhfeadóg mhór. Rinne siad cleachtadh seachtainiúil i dteach Uí Riada i bhFaiche na Rás, ar imeall Bhaile Átha Cliath.

I ndiaidh an ratha a bhí acu, smaoinigh Ó Riada ar Cheoltóirí Chualann a bhunú, banna ceoil a bhéas ag tabhairt faoi amhráin thraidisiúnta na hÉireann le foinn tionlacan, máille le rince traidisiúnta agus foinn mhalla, socraithe le hionstraimí: cruitchlár, bodhrán, pianó, fidil, boscaí ceoil, feadóg mhór, na píoba, agus feadóga. Samhlaíodh roimhe seo ar cheoil tíre nó ceol rince a shocrú. Bhí disocaí 78rpm déanta roimhe sin, ach ba foinn tíre iad déanta ar bhealach clasaiceach, an-cheolfhoireannthe. Aidhm eile a bhí ag Ó Riada obair an chláirseora dhall agus chumadóra Toirdhealbhach Uí Chearbhalláin a athbheochan.

Seoladh an banna le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 1960, san Óstán Shelbourne, ag ócáid ​​ar a dtugtar 'Reacaireacht an Riadaigh'. San áireamh sa chlár bhí amhránaithe traidisiúnta, an scríbhneoir Seán Ó Ríordáin agus an file Seán Ó Tuama. B’in an chéad cheolchoirm ar íoc daoine isteach ag ceolchoirm do cheol traidisiúnta chun suí síos ag coirm cheoil de cheol Gaelach. (Roimhe sin bhíodh blúiríní de rudaí éagsúla measctha le chéile sna ceolchoirmeacha). Bhí an Riadach é a dhéanamh mar go ndearna sé an ceol do Mise Éire cúpla bliain roimhe sin agus fuair sé sórt stádas uaidh sin.[1]

I mí na Márta sa bhliain ina dhiaidh sin, thaifead Ó Riada an chéad cheann de sraith de chláir raidió a choinnigh an t-ainm 'Reacaireacht an Riadaigh', agus san áireamh bhí Ceoltóirí Chualann. Go luath tar éis an bhanna a bheith ar an fhód, chuaigh Peadar Mercier agus Seán Keane isteach leo.

Lean Ceoltóirí Chualann ag seinm go dtí 1969. Le linn na bliana sin thaifead siad dhá albam, 'Ó Riada' agus 'Ó Riada Sa Gaiety'. Fuair an Riadach bás in 1971 agus scaoileadh an t-albam Ó Riada's Farewell in 1972.

Rogha dioscliosta cuir in eagar

  • An Poc ar Buile EP: Seán Ó Riada with Seán Ó Sé and Ceoltóirí Chualann GL2
  • Néilí EP: Seán Ó Riada le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann GL3
  • Mo Chailín Bán EP: Seán Ó Riada le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann GL5
  • Reacaireacht an Riadaigh: Gael-Linn CEF 010 (LP, 1961).
  • The Playboy of the Western World: Gael-Linn CEF 012 (LP, 1962).
  • Ceol na nUasal: Gael-Linn CEF 015 (LP, 1967).
  • ding dong: Gael-Linn CEF 016 (LP, 1967).
  • An Poc ar Buile (singil): Seán Ó Riada le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann CES 011
  • Do Bhí Bean Uasal: Seán Ó Riada le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann CES 012
  • Ó Riada sa Gaiety le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann : (LP, 1971); ar fáil faoi láthair mar Gael-Linn ORIADACD01 Curtha i gcartlann 2014-08-27 ar an Wayback Machine.
  • Ó Riada's Farewell: Claddagh Records CC 12 (LP, 1972).
  • Port na bPúcaí (Ó Riada leis féin, ach le hábhair traidisiúnta, taifeadtaí nár scaoileadh amach roimhe.): Gael-Linn ORIADACD07 Curtha i gcartlann 2014-08-27 ar an Wayback Machine (CD, 2014)

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Ceoltóirí Chualann: The Band that Changed the Course of Irish Music, le Peadar Ó Riada, Mercier, 2024[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Bridget Bhreathnach (25 Aibreán 2024). "‘Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam conas seinnt, bhí mé ag seinnt ag a shochraid mí níos déanaí’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  2. Bridget Bhreathnach (25 Aibreán 2024). "‘Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam conas seinnt, bhí mé ag seinnt ag a shochraid mí níos déanaí’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  3. "SEARCH FOR A PLAY – PlayographyIreland" (en-GB). Dáta rochtana: 2024-04-27.
  4. "Ceoltóirí Chualann". Mercier Press. Dáta rochtana: 2024-04-27.