Paddy Moloney
Ceoltóir traidisiúnta mór le rá ba ea Paddy Moloney nó Pádraig Ó Maoldomhnaigh (1 Lúnasa 1938 – 12 Deireadh Fómhair 2021), duine de mhórphearsana cheol traidisiúnta na hÉireann.[1] Leis The Chieftains is mó atá sé luaite, buíon cheoil a thug sé le chéile sna 1970idí.[2] Dúirt Taisce Cheol Dúchais Éireann gur chuir Paddy Moloney go mór leis an gceol traidisiúnta in Éirinn agus gur oidhreacht iontach atá fágtha le huacht aige.[3]
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Pádraig Ó Maoldomhnaigh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1 Lúnasa 1938 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 12 Deireadh Fómhair 2021 83 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol |
Gairm | ceoltóir, léiritheoir ceirníní |
Tréimhse oibre | 1960 – 2021 |
Ball de | |
Seánra | Ceol traidisiúnta na hÉireann agus ceol tíre traidisiúnta |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Uirlis | Píb mhála, píoba uilleann agus feadóg stáin |
Lipéad ceoil | Claddagh Records |
Teaghlach | |
Páiste | Aedin Moloney |
Gradam a fuarthas
| |
Saol cuir in eagar
Óige cuir in eagar
B'as Domhnach Cearna i i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath é Paddy Moloney.
D'fhoghlaim sé ceol óna mhuintir ar dtús. Ina dhiaidh sin mhúin an píobaire aitheanta Rowsome an phíb uilleann dó. Ocht mbliana d’aois a bhí sé nuair a d’iarr sé ar a mhuintir seit píob de chuid Rowsome a fháil dó.[4]
Ceoltóir cuir in eagar
Bhí Paddy ag seinm le Ceoltóirí Chualann faoi stiúir Sheáin Uí Riada sula ndeachaigh sé leis na Chieftains i 1963. Ba é Paddy Moloney ceann feadhna an ghrúpa aitheanta sin ar feadh beagnach seasca bliain.
Bhain na Chieftains cáil idirnáisiúnta amach faoi stiúir Paddy Moloney. Bronnadh go leor duaiseanna orthu, sé cinn de Grammys ina measc.[2]
Tá breis agus scór albam curtha amach ag The Chieftains agus tá ceol cumadóireachta agus cóiriú le Paddy le cloisteáil ar an uile cheann.
Taifeadtaí cuir in eagar
Bhí Paddy Moloney lárnach i bhforbairt an cheoil Ghaelaigh agus é bainteach le bunú Cheirníní Cladaigh, le Garech de Brún, an lipéad ar ar taifeadadh na chéad sé albam de chuid The Chieftains.[5]
I bpáirt le Breandán Breathnach agus Séamus Ennis, bhí Paddy gníomhach i mbunú ‘Na Píobairí Uilleann’ i 1968 agus ba mhór a thionchar ar athbheochan na píbe uilleann.[4]
Bás agus oidhreacht cuir in eagar
Fuair Paddy bás tobann ar 11 Deireadh Fómhair 2021 agus in aois a thrí bliana agus ceithre scór. Adhlacadh é i gcathaoir naofa Chaoimhín i nGleann Dá Loch, i gCo Chill Mhantáin.[1]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Ciarán Lenoach (2021-10-15). "An taoiseach ceoil Paddy Moloney curtha i gcré na cille" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-10-12). "Paddy Moloney ó na Chieftains tar éis bháis" (as ga).
- ↑ Irish Traditional Music Archive (2021-10-13). "Appreciation of Paddy Moloney’s Legacy from the…" (ga). ITMA. Dáta rochtana: 2021-10-13.[nasc briste go buan]
- ↑ 4.0 4.1 Méabh Ní Thuathaláin (2021). "‘Mairfidh oidhreacht Paddy Moloney sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-25.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-10-13.