Scríobhadh dánta Gaius Valerius Catullus ag deireadh na Poblachta Rómhánaí. Déanann sé cur síos ar stíl a bheatha agus ar a chairde ina chuid filíochta, agus ach go hairithe a ghrá don bhean darbh ainm 'Lesbia'.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilDánta Catullus

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilbailiúchán filíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Laidin
Le cuidEipeagraim agus Q3660345 Aistrigh

Foinsí agus eagrúchán cuir in eagar

 
Carmina, 1554

Tháinig lámhscríbhinn de dhánta an fhile chun solais ag tús an cheathrú céad déag ina bhaile dúchais agus tugtar leagan V (codex Veronensis) ar an lámhscríbhinn seo. Ar an drochuair, cailleadh í ina dhiaidh sin. Díorthaíonn na trí lámhscríbhinn atá ar fáil anois uaithi agus tá siad stóráilte i Leabharlann Náisiúnta na Fraince (Bibliothèque nationale de France), i Leabharlann Bodleian, Oxford (Bodleian Library) agus i Leabharlann Aspalda na Vatacáine (Bibliotheca Apostolica Vaticana) sa Róimh.

Sna lámhscríbhinní seo, tá 116 carmina de chuid an fhile taifeadta (meastar anois go bhfuil trí cinn díobh bréagach - 18, 19 agus 20 - cé go bhfuil na huimhreacha coinnithe), ar féidir a bheith roinnte ina dtrí chuid foirmeálta: seasca dánta gearra i méadar athraitheach, ar a dtugtar polymetra, ocht ndánta atá níos faide, agus 48 eipeagram.

Níl aon chomhdhearcadh scolártha faoin gceist- 'An é Catullus a bhí freagrach as ord na ndánta a shocrú?'. Bíonn difríocht idir na dánta fada agus na polymetra agus na heipeagraim, ní hamháin ina fhad ach freisin in a n-ábhair: Tá seacht iomann agus mion-eipic, nó epyllion, an fhoirm is ard-luachmhaire do na " filí nua" .

Is féidir na polymetra agus an heipeagraim a roinnt i gceithre mhór-ghrúpa téamach (ach ag déanamh neamhaird ar an líon sách mór de na dánta a sheachnaíonn an catagóiriú sin):

  • Dánta chuig agus faoina gcairde (eg, dán 13).
  • Dánta earótacha:
  • Feannadóireachtí:
  • Comhbhróin:

Tagairtí cuir in eagar