Feistí Ó Conluain
Ceoltóir feadóige as Baile Liam, an Spidéal ab ea Feistí Ó Conluain (1925–2001).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1925 Baile Liam, Éire |
Bás | 4 Meitheamh 2001 75/76 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saol cuir in eagar
Mac le Cáit Ní Choisdealbha, amhránaí clúiteach ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal a fuair bás in 1973, agus Micheál Ó Conluain, timire agus múinteoir Gaeilge as an Muileann gCearr. Chaith sé níos mó ná fiche bliain ag obair le Otis Lifts in áiteanna éagsúla timpeall na hÉireann. Chas sé le hEibhlín Standún (deirfiúr Mháirtín Standún) i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche leathcheannais na hÉireann in 1949 idir Gaillimh agus Laois, agus phósadar ina dhiaidh sin. Fuair Eibhlín bás in 1992.[2]
Ceol cuir in eagar
Sheinneadh Ó Conluain go minic le linn dó a bheith ag taisteal timpeall na tíre, agus bhain sé cáil amach as a chuid amhrán beoga agus foinn mhalla go háirithe. I dtuairisc bháis le M. P. Ó Conaola in Foinse ar an 10 Meitheamh 2001, scríobh sé “Bhí a fhios ag Festy na focail — bheadh a fhios agat é agus é ag casadh na feadóige. B'in é an fáth nárbh fhéidir é a shárú ar an bhfonn mall, mar bhí ciall agus tuiscint taobh thiar de na focail agus an ceol istigh ina chroí.”[1]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CONLUAIN, Feistí (1925–2001) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-07.
- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.