Radaíocht leictreamaighnéadach le tonnfhaid an-ghairide (níos lú ná 0.3 × 10-12 m) atá i gceist le gámaradaíocht.[1] Níl aon lucht leictreach inti. Tá sí cosúil le X-radaíocht, ach go n-astaítear í le linn meatha radaighníomhaigh ina dtarlaíonn aistrithe ó staideanna flosctha ardfhuinnimh chuig staideanna d'fhuinneamh níos lú sna núicléis. Foinse choitianta is ea cóbalt-60, a bhfuil leathré 5.26 bliain aige.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “gámaradaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-09.
  2. Hussey, Matt (2011). "Gáma-radaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.