Breac (iris)
irisleabhar Gaeilge a fhoilsíonn an Chuallacht Ghaelach (UCC)
(Athsheolta ó Iris Breac)
Irisleabhar is ea Breac a bunaíodh sa bhliain 2021. Is leis an gCuallacht Ghaelach an iris.
Cineál | irisleabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 2021 |
Tréith | |
Eatramh foilsithe | 1 bliain |
Foilsitheoir | An Chuallacht Ghaelach |
Cuirtear eagrán amach go bliantúil, le linn Sheachtain na Gaeilge. Is í an Chuallacht a cheapann an t-eagarthóir. Is é Tuathal i gColáiste na Tríonóide an t-aon irisleabhar ollscoile eile a fhoilsítear go hiomlán i nGaeilge.
Ábhar na hIrise cuir in eagar
Bíonn polaitíocht, cúrsaí reatha, cúrsaí taistil, spórt, filíocht, léirmheasanna liteartha, cúrsaí ceoil agus taighde faoi chaibidil san irisleabhar. Cuirtear an iris ar fáil saor in aisce. Sa bhliain 2023 a thosaigh an iris ag glacadh le fógraí tráchtála.
Méid na hIrise cuir in eagar
Bhí 15 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2022 agus 19 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2023. Bhí 32 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2024.