Is ainm traidisiúnta é ocsaigéid d'aon aigéad a bhfuil ocsaigin sa ghrúpa aigéadach. Níos cruinne fós, tagraíonn an téarma ocsaigéad anois do chomhdhúil ina bhfuil ocsaigin, dúil amháin eile ar a laghad, agus hidrigin amháin ar a laghad nasctha le hocsaigin, agus a tháirgeann bun comhchuingeach, trí iain (nó trí ian) hidrigine dheimhnigh a chailleadh. .i. P(OH)3, RC(=O)OH, HOSOH, HOCl, HON=O, (HO)2SO2, RP(=O)(OH)2. [1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachOcsaigéad
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian

Ocsaigéid aitheanta iad an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad fosfarach H3PO4 agus an t-aigéad sárchlórach HClO4. Bíonn sraith iomlán ocsaigéad ag a lán dúl: mar shampla, tá ceithre ocsaigéad ag an gclóirín, mar atá, an t-aigéad sárchlórach, an t-aigéad clórach HClO3, an t-aigéad clórúil HClO2 agus an t-aigéad hipeaclórúil HClO. Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir ach an t-aigéad sárchlórach a aonrú ón uisce - níl ocsaigéid eile an chlóirín beo ach i dtuaslagán uisce. Scéal eile gur féidir a gcuid salann a aonrú agus a chriostalú.

Ocsaigéid eisceachtúla iad an t-aigéad fosfarúil agus an t-aigéad fofhosfarúil, toisc go bhfuil adaimh hidrigine iontu atá nasctha go díreach den adamh fosfair, ionas nach féidir leo prótalú a dhéanamh ar aon nós. Sin é an fáth a scríobhtar a bhfoirmlí mar H2HPO3 (aigéad fosfarúil, dhá hidrigin inphrótalaithe, hidrigin amháin dophrótalaithe) agus HH2PO2 (aigéad fofhosfarúil, hidrigin amháin inphrótalaithe, dhá hidrigin dophrótalaithe).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar