Is ospidéal oiliúna é Ospidéal Beaumont (Beaumont Hospital) atá lonnaithe ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh an t-ospidéal i 1987. Tá 820 seomraí leaba san ospidéal.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ospidéal Beaumont
Íomhá
Sonraí
CineálOspidéal agus ospidéal múinteoireachta
Foirgníocht1987 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°23′28″N 6°13′20″W / 53.3911°N 6.2222°W / 53.3911; -6.2222
Gníomhaíocht
ComhcheangalColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn
OibreoirRCSI Hospitals (en) Aistrigh
Suíomh gréasáin oifigiúilbcchf.ca

Tá an t-ospidéal mar chuid den ghrúpa Ospidéil RCSI agus tá caidhreamh oideachasúil ag an ospidéal le Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).

Stair cuir in eagar

Achtaíodh Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, ar an 9 Márta 1943 (Saint Laurence's Hospital Act, 1943).[1] Bhí sé mar aidhm ag an Acht ospidéal poiblí nua, a thógfaí faoina chuid forálacha a chur in áit na dtrí ospidéal stairiúla: Ospidéal Richmond, Ospidéal Whitworth agus Ospidéal Whitworth Hardwicke (ar a dtugtaí na hOspidéil Tí Thionscail i dteannta a chéile).

Mar a tharla, áfach, níor tógadh an t-ospidéal nua riamh. Lean na trí hospidéal ar aghaidh den chuid is mó mar a bhí roimhe sin, go dtí gur cuireadh Ospidéal Beaumont, eintiteas ar leith, ina n-áit sa bhliain 1987 (tháinig Sráid Jervis agus an Richmond le chéile).[2]

Osclaíodh na doirse don phobal ar 29 Samhain 1987. Macasamhail den Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh a bhí ann ar dtús.[3]

 
Comhartha fáilte go dtí Ospidéal Beaumont

Seirbhísí cuir in eagar

Soláthraíonn Beaumont raon leathan de sheirbhísí cliniciúla agus speisialtacha agus tá clú agus cáil ar an cúram atá ann.[4]

Aonad Athshlánúcháin cuir in eagar

Tá an tAonad seo suite ar an gcéad urlár agus sainfheidhmíonn sé i dianchúram othair a dteastaíonn tréimhse athshlánúcháin uathu. Tá an Rannóg Fisiteiripe d’Othair Amach, Obrádlann, X-ghathach, Ultrafhuaim, agus Leitreacardgram mar chuid dár n-áiseanna chomh maith

Ospidéal Naomh Iósaef, Ráth Eanaigh cuir in eagar

Is ospidéal géarmhíochaine é Ospidéal Naomh Iósaef agus soláthraítear cúram Míochaine agus Máinliachta d’othair cónaithe, Seirbhísí Cúram Lae agus Fisiteiripe Othair Amach agus seirbhísí Raideolaíochta. Tá Aonad Athshlánúcháin ag an Ospidéal chomh maith.

 
Foirgneamh Smurfitː R.C.S.I Disease Research Centre

Maoiniú cuir in eagar

Is carthanas cláraithe Fondúireacht Ospidéal Beaumont agus is fiontar tiomsaithe airgid oifigiúil é d’Ospidéal Beaumont.[5] Tá sé d’aidhm ag an bhFondúireacht maoiniú airgid a aimsiú agus a spreagadh ón bpobal ar mhaithe le barr foirfeachta a bhaint amach i gcúram othair in Ospidéal Beaumont.

Féach freisin cuir in eagar

 
Comhartha fáilte go dtí Ospidéal Beaumont

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943" (ga). www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2021-03-09.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "St Lawrence's Hospital" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-09.
  3. "Beaumont Hospital - History". www.beaumont.ie. Dáta rochtana: 2022-11-29.
  4. beaumont.ie. "Lámhleabhar na nOthar". Dáta rochtana: 2021.
  5. 5.0 5.1 "Fundraising for Patient Care | Beaumont Hospital Foundation" (en). BHF. Dáta rochtana: 2021-03-09.
  6. "Beaumont Hospital". www.beaumont.ie. Dáta rochtana: 2021-03-09.
  7. "RCSI Dublin – Homepage" (en). www.rcsi.com. Dáta rochtana: 2021-03-09.
  8. "Home" (en). RCSI Hospitals. Dáta rochtana: 2021-03-09.