Scríbhneoir gearrscéalta agus file Breatnach ab ea Owain Owain (11 Nollaig, 1929 - Nollaig, 1993). Ceann de bhunaitheoirí Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) ab ea é. Bhunaigh sé an iris Tafod y Ddraig (Teanga an Dragain) a bhí mar phríomh-ghuth ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) óna mbreith sna 1960í go dtí an lá atá inniu ann agus bhí sé ina chéad eagarthóir uirthi. Ba pholaiteoir freisin é Owain a shainmhínigh an teanga agus an troid ar son na teangan i gcomhthéacs domhanda. Chruthaigh sé an choincheap go raibh 'maoin na héagsúlachta' (Cyfoeth yr Amrywiaeth) sa Bhreatnais agus scríobh sé go forleathan faoi ilghnéitheachta na teangan agus agus in aghaidh an 'mhúnla liath' (y llwydni llwyd) agus na 'Íomhá Móire' (Ddelwedd Fawr).

Infotaula de personaOwain Owain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Nollaig 1929
Pwllheli, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Nollaig 1993
64 bliana d'aois
Caernarfon, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bangor Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeolaí núicléach, scríbhneoir, oideoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFicsean eolaíochta
TeangachaAn Bhreatnais
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteRobin Llwyd ab Owain Cuir in eagar ar Wikidata

Thug sé foirm agus cruth do cathanna an Chumainn Teanga trí a chuid scríbhneoireachta agus a chuid litreacha agus i gcleachtas trí choincheap 'na gceall' (gelloedd) a chruthú - atá fós mar bhunchloch an Chumainn. Ba údar é de 14 leabhar lena n-áirítear ailt, úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus mar sin de, amhail 'Y Dydd Olaf', 'Amryw Ddarnau', 'Bara Brith'; agus tá dá den a chuid leabhar ar an ngréasán domhanda ó 2000.