Ba í Die Reichswehr (go litriúil; 'Cosaint na Ríochta') ainm oifigiúil fhórsaí armtha na Gearmáine le linn Phoblacht Weimar agus chéad bhlianta an Tríú Reich. Tar éis don Ghearmáin a bheith buailte sa Chéad Chogadh Domhanda, díscaoileadh Arm Impiriúil na Gearmáine (Deutsches Heer) chun go n-athmhúnlófaí ina arm don ré shíochána é. Uaidh sin a bunaíodh Die Reichswehr sealadach i Márta 1919. Faoi théarmaí Chonradh Versailles, bhí an tArm Gearmánach atógtha faoi réir teorainneacha tromchúiseacha ó thaobh méide, struchtúir agus armála de. Cruthaíodh Die Reichswehr go hoifigiúil ar an 1 Eanáir 1921, tar éis na teorainneacha a bheith comhlíonta. Choinnigh fórsaí armtha na Gearmáine an t- ainm 'Die Reichswehr' go dtí 1935. Sa bhliain sin foilsíodh forógra de chuid an Rialtais do mhuintir na Gearmáine, maidir le coinscríobh uilíoch a thabhairt isteach ar an 16 Márta 1935. [1] Críochnaíonn an forógra leis an abairt seo ó Adolf Hitler; “In diesem Sinne hat die deutsche Reichsregierung mit dem heutigen Tage das folgende Gesetz beschlossen: Gesetz für den Aufbau der Wehrmacht. Vom 16. März 1935.” (Sa chiall seo, tá an dlí seo a leanas rite ag rialtas na Gearmáine inniu: An dlí maidir le forbairt an Wehrmacht. Ón 16 Márta, 1935).

Bosca Sonraí EagraíochtaReichswehr
Sonraí
Cineálfórsaí míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1921
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteBealtaine 1935
1935 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitWehrmacht Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe115,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Le fógairt an Dlí Mhíleata ar an 21 Bealtaine 1935, baineadh na srianta deireanacha de Chonradh Versailles go foirmiúil, agus fógraíodh tabhairt isteach an choinscríofa uilíoch (ar an 1 Deireadh Fómhair 1935), trínar chomhlíon Hitler an gheallúint a thug sé i mí Feabhra 1933.

Tagairtí cuir in eagar