Seán Ó Tuairisg

craoltóir Éireannach

Iriseoir agus craoltóir in RTÉ agus Raidió na Gaeltachta ba ea Seán Ó Tuairisg (1944 - 19 Aibreán 2023), ar dhuine de na chéad chraoltóirí a raibh a nglórtha le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta i 1972, agus ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn.[1][2]

Infotaula de personaSeán Ó Tuairisg
Beathaisnéis
Breith1944
An Lochán Beag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 2023
78/79 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Gradam a fuarthas

Beatha cuir in eagar

B'as an Lochán Beag, Indreabhán, i gCois Fharraige Seán Ó Tuairisg. Bhí sé ar dhuine de sheisear mac agus beirt iníonacha a bhí ag Máirtín Mór Ó Tuairisg agus a bhean Moya.

Rinne sé BA agus teastas i dteagasc na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus thug sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Ruhr in Bochum na Gearmáine agus tréimhse eile ag teagasc i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé páirteach san fheachtas ar son raidió Gaeltachta sna 1960idí agus 1970idí agus i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Ghlac sé páirt ghníomhach san fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, iarrthóir na gluaiseachta, i 1969[3].

Ba le Saor-Raidió Chonamara a thosaigh sé ag craoladh den chéad uair. Bhí sé ina chathaoirleach ar dhíospóireacht a craoladh ar an stáisiún bradach mí na Samhna 1970 faoi éileamh ar údarás neamhspleách Gaeltachta.[2]

RnaG agus RTÉ 1 cuir in eagar

25 bliain d’aois a bhí sé ar nuair a bhí sé ar dhuine den seachtar fear is mó a luaitear le bunú Raidió na Gaeltachta um Cháisc 1972. Chaith sé tamall ina cheannaire ar chúrsaí nuachta sa stáisiún agus i 1977 ceapadh ina Leascheannaire é.

Bhí Seán Ó Tuairisg ar an gcéad láithreoir ag an gclár nuachta agus cúrsaí reatha Adhmhaidin ar RnaG i 1986. Is iomaí polaiteoir, náisiúnta agus áitiúil, a chuir sé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sé géarchúiseach ina chur chuige agus bhí sé de cháil air go gcuireadh sé ceisteanna crua ar pholaiteoirí na linne.[2]

Chuaigh sé ag obair ina dhiaidh sin don chlár teilifíse Cúrsaí, a bhí faoi stiúir Chathail Goan agus a chraoltaí ar RTE 1 ceithre oíche sa tseachtain. Bhíodh tóir ar Cúrsaí, agus leis an gclár sin is mó a shamhlaítear tréimhse Sheáin Uí Thuairisg mar láithreoir teilifíse.

Bronnadh Gradam Jacob air i 1992 as a chuid oibre ar an gclár sin.[1]

Bhí drochshláinte ag Seán Ó Tuairisg le roinnt blianta anuas agus cúram á dhéanamh dó in Áras Chois Fharraige. D'éag 20 Aibreán 2023 in aois 78 bliain dó.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-04-20). "An t-iarchraoltóir aitheanta Seán Ó Tuairisg tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-20.
  3. "ElectionsIreland.org: Peadar Mac an Iomaire". electionsireland.org. Dáta rochtana: 2023-04-21.