Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile

ceoltóir agus iascaire Éireannach

Ceoltóir agus iascaire Éireannach as Cora Bhuí, Leitir Mealláin is ea Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, nó Sonaí Choilm Learaí mar is fearr aithne air.

Infotaula de personaSonaí Choilm Learaí Ó Conghaile
Beathaisnéis
Breith1945
78/79 bliana d'aois
Cora Bhuí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, iascaire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCairdín

Discogs: 7048440 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh i gCora Bhuí é sa bhliain 1945, agus tógadh é ann, cé gur chaith sé tréimhsí ag obair i gContae an Chláir agus i Sasana sular fhill sé ar a áit dúchais in 1974.[1] Bhain sé clú agus cáil amach ag seinm ar an mbosca ceoil, go minic lena bhanna Ceann Gólaim. D'eisigh Cló Iar-Chonnacht dlúthdhiosca dá chuid cheol in 2006 dar teideal Irish Traditional Accordion Music.[2]

Gradaim cuir in eagar

Ba é an chéad duine a bhuaigh an Pat Willie Perpetual Cup in 1995.[1] Bronnadh Gradam ‘Ceol na nOileán’ air ar an 8 Meitheamh 2023.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Sonaí Choilm Learaí – Irish Traditional Accordion Music (2006, CD) — Discogs". Dáta rochtana: 2024-02-07.
  3. "Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, Gradaim Cheol na nOileáin". Iris Aniar (2023-06-09). Dáta rochtana: 2024-02-07.

Naisc sheachtracha cuir in eagar