Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta

scéalaí Éireannach

Scéalaí cáiliúil as an Lochán Beag in Indreabhán ab ea Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta.[1] Deirtear go raibh cuimhne iontach aige; chloiseadh sé scéal anocht agus bhíodh sé in ann an scéal ina iomlán a aithris amárach.[1] Ba scéalaí mór a athair roimhe. Tógadh go leor scéalta óna athair gan luach saothair a thabhairt dó, agus dá bharr sin bhí drogall ar Thom a chuid scéalta féin a thaifeadadh. Chuir cairde ina luí air a intinn a athrú, agus d'inis sé scéalta ar Raidió na Gaeltachta agus do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Infotaula de personaTom Bheairtle Tom Ó Flatharta
Beathaisnéis
Breith15 Lúnasa 1926
An Lochán Beag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Samhain 2013
87 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Sailearna Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscéalaí, feirmeoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Bhuaigh sé duaiseanna scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge.[2] Tá scéalta dá chuid ar fáil ar chaiséad dar teideal Ag Scéalaíocht a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.[3]

Phós sé Eibhlín Ní Neachtain as Cnoc na hAille in 1958 agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu.[4]


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Taisce Chois Fharraige — Scéalaithe". Dáta rochtana: 2024-01-22.
  3. "FOCAL IS FUAIM: Éistigí le Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta ag scéalaíocht" (2020-04-02). Dáta rochtana: 2024-01-22.
  4. "Ó FLAITHBHEARTAIGH, Tom Bheartla Tom (1926–2013)". Ainm.ie — An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-02-01.