Ba mháistir coiriúlachta Meiriceánach é James Joseph "Whitey" Bulger, Jr. (3 Meán Fómhair 192930 Deireadh Fómhair 2018).[1] Rugadh é i nDorchester, comharsanacht de Bhostún, Massachusetts. Bhí Bulger i gceannas ar an Winter Hill Gang, drong coirpeach lonnaithe i Somerville, Massachusetts. Bhí sé réitithe go dtabharfadh sé faisnéis don FBI i dtaobh choirpeach eile, gan aon chur isteach ag an FBI ar a chuid coireanna féin. Cuireadh náire ar an mbiúró sa bhliain 1997 nuair a nocht an páipéar nuachta The Boston Globe an réitiú sin eatarthu os comhair an tsaoil.

Infotaula de personaWhitey Bulger

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) James Joseph Bulger
3 Meán Fómhair 1929
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Deireadh Fómhair 2018
89 bliana d'aois
Príosún na Stát Aontaithe, Hazelton, West Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma mhaol agus linseáil)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Bhostúin Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMaifia
Gairmcoirpeach, gangstaer, sraithmharfóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataAerfhórsa na Stát Aontaithe
CoinbhleachtCogadh na Cóiré
Eile
SiblínBill Bulger
Ciontaíodh idúnmharú
gáinneáil ar dhrugaí
ionsaí (1940í)
armed robbery (en) Aistrigh (1950í)
fuadach cairr (1950í)
extortion (en) Aistrigh (2013)
money laundering (en) Aistrigh (2013)
arms trafficking (en) Aistrigh (2013)
cambheart (2013) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2860243 Find a Grave: 194371559 Cuir in eagar ar Wikidata
Whitey Bulger sna 1990í

Ar 19 Lúnasa 1999, cuireadh Bulger ar liosta an deichniúr coirpeach is mó tóir orthu ag an FBI. Tá cambheartaíocht, 19 dúnmharú, sracaireacht airgid, níochán airgid, comhcheilg, agus dáileadh drugaí támhshuanacha curtha ina leith. Tar éis 16 bliana a bheith caite ag Bulger ar a theitheadh, gabhadh eisean agus a chailínchara ar 23 Meitheamh, 2011 in Santa Monica, California ag an árasán a raibh siad ina gcónaí ann. Bhí Bulger 81 bliain d’aois ag am a ghabhála.

Chuaigh cás Bulger chun trialach ar an 12ú Meitheamh 2013 i gcúirt i mBostún Theas agus 32 coir curtha ina leith, comhpháirteachas i 19 dúnmharú ina measc. Ar an 12ú Lúnasa 2013 ciontaíodh é in 31 de na cúiseamh úd, agus fuarthas go raibh sé páirteach in 11 dúnmharú.

Ar 30 Deireadh Fómhair 2018, tugadh Bulger ó phríosún Feidearálach go príosún Feidearálach eile in Hazelton, Virginia Thiar. Ní ba dhéanaí fuarthas a chorp ina chillín. Bualadh chun báis é agus rinneadh iarracht a dhá shúil a ghearradh amach le scian.]].[2]

As Talamh an Éisc seantuismitheoirí Bhulger ar thaobh a athar agus iad de shinsearacht Éireannach. Iníon le himircí as Éireann í a mháthair.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. examinations.ie (2006). "AN TAOBH DORCHA DE GHAEL-MHEIRICEÁ". Sa leabhar, Paddy Whackedː The Untold Story of the Irish American Gangster, ríomhann an t-údar T. J. English scéal agus stair na gcoirpeach Gael-Mheiriceánach ó aimsir an Ghorta go dtí ár linn féin.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-15. Dáta rochtana: 2020.
  2. "Notorious mob boss Whitey Bulger found dead in prison".