Éiclips
Tarlaíonn urú na gréine nó éiclips nuair a bhíonn treo na gréine agus na gealaí in aon líne leis an domhan. Mar sin, tagann an ghealach idir an ghrian agus an domhan.
De réir mar a ghluaiseann an Ghrian, an Ghealach is an Domhan tríd an spás, caitheann an Ghealach i Íár báire scáil thar chonair thanaí fhada trasna an Domhain. Bíodh is go bhfuil an ghealach 400 oiread níos lú ná an ghrian, de bhrí go bhfuil sí timpeaIl 400 oiread níos cóngaraí dúinn, is féidir léi an ghrian iomlán a chlúdach agus bac a chur le gach pioc den solas uaithi.[1] Tarlaíonn i réimsí áirithe den domhan ó uair go chéile.
LéirmheasCuir in Eagar
Ní ligeann an ghealach do sholas na gréine an réimse sin den domhan a bhaint amach. Plána Fhithis an Domhain agus plána fithis na gGealaí - is uillinn chlaonta a dhéanann siad le chéile. Dá bharr sin ní hí gach uile mhí a thagann an ghealach idir an domhan agus an ghrian.
Is mó faoi 400 an ghrian ná an ghealach. Is cóngaraí faoi 400 an ghealach don domhan ná don ghrian. Is féidir leis an ngealach radharc na gréine a mhúchadh ar fad orainn, agus bac dá réir sin a chur ar an solas go léir uaithi.
Le linn di a bheith idir an domhan agus an ghrian, caitheann an ghealach lánscáil ar chonair thanaí fhada trasna an domhain. An lánscáil sin, bíonn sí na mílte ciliméadar ar fad, agus timpeall cúpla céad ciliméadar ar leithead. Taobh istigh den lánscáil sin a bhíonn an t-urú iomlán.[1] Díreach timpeall na lánscáile, bíonn réimse níos leithne fós den Domhan mar nach mbíonn an t-urú iomlán, agus bíonn leathscáil ansin.
MinicíochtCuir in Eagar
Is annamh a tharlaíonn urú na gréine. De bhrí go bhfuil uillinn chlaonta idir plána fhithis an Domhain is plána fhithis na Gealaí, ní théann an Ghealach díreach idir an Domhan is an Ghrian gach mí. Ach tarlaíonn éiclips uair amháin áit éigin ar Domhan timpeall gach bliain go leith.
Bíodh is go mbíonn urú áit éigin ar domhan gach uile bhliain go leith, ní fhilleann urú na gréine ar an áit chéanna ach uair in aghaidh na dtrí chéad bliain.
SláinteCuir in Eagar
Caithfear a bheith an-chúramach ag féachaint ar an ngrian mar is féidir leis an ngrian na súile a ghortú.