Éire Óg

gluaiseacht pholaitíochta in Éirinn sna 1840idí

Bhí Éire Óg[1] ina ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha sna 1840idí a throid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Bhí baint ag ceannairí na gluaiseachta leis an nuachtán seachtainiúil The Nation a céadfhoilsíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1842. Chuir siad i gcoinne Ghluaiseacht na hAisghairme (a bhunaigh Dónall Ó Conaill i 1830) mar gheall ar chléiriúlachas agus ar mheon comhréitigh an ghrúpa sin. Sa bhliain 1848, nuair ba mheasa an Gorta Mór, rinne lucht Éire Óg iarracht ar éirí amach mar rogha an díogha. Gabhadh ceannairí an éirí amach agus díbríodh as Éirinn iad. Tar éis sin, scoilt an ghluaiseacht idir an dream a bhí ar son na láimhe láidre, réamhtheachtaí Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus iad siúd a bhí ag iarraidh “Cumann Thuaidh-Theas” a thógáil a cheanglódh páirtí neamhspleách parlaiminteach le hagóidíocht ar son leasú chóras an talún.

Bosca Sonraí EagraíochtaÉire Óg

ManaA Nation Once Again Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgluaiseacht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtanáisiúnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1842
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1849 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Éire Óg” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-31.