Éire sna Cluichí Oilimpeacha

Le breis is 100 bliain 35 bonn atá buaite ag lúthchleasaithe na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh an fhoireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2]

Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal, Rio 2016[1]

Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras sa bhliain 2024, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha.[3] Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[4]

2020 (2021), Tóiceo

cuir in eagar

Bhuaigh foireann na hÉireann ceithre bhonn ag Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo (in 2021), péire sa rámhaíocht agus péire sa dornálaíocht

2012, Londain

cuir in eagar

Ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh foireann na hÉireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2]

D’éirigh leis an siúlóir Rob Heffernan bonn cré-umha a fháil ag Cluichí Londan, ceithre bliana ina ndiaidh toisc gur baineadh an bonn óir den Rúiseach Sergey Kirdyapkin, de bharr tástáil drugaí.[5]

2004, 2008

cuir in eagar

Níor éirigh le haon lúthchleasaí as an tír seo bonn a thabhairt abhaile ó na cluichí Oilimpeacha in 2004 nó 2008.

2000, Sydney

cuir in eagar

An reathaí Sonia O’Sullivan a thug an chreach léi in 2000 nuair a fuair sí bonn airgid sa rás 5000 méadar i Sydney sa mbliain 2000.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Katie-George Dunlevy & Eve McCrystal" (en-US). Paralympics. Dáta rochtana: 2024-07-28.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Éire ag súil le baisc bhonn as Páras" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
  3. "Ireland at the 2024 Summer Olympics" (as en) (2024-07-28). Wikipedia. 
  4. "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25). 
  5. "Rob Heffernan savours Olympic bronze medal four years on" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-07-28.