Ícéinigh
Ba treibh Cheilteach iad na hÍcéinigh (Laidin: Iceni) nó hEcéinigh a bhí ina gcónaí i gceantar na Breataine a fhreagraíonn don chontae Norfolk an lae inniu, idir an 1ú haois RC agus an 1ú haois AD. Taobh thiar dóibh bhí cónaí ar na Corieltauvi, agus ó dheas dóibh bhí na Trinovantes agus na Catuvellauni.
Cineál | treibh agus Roman client kingdoms in Britain (en) |
---|---|
Comhordanáidí | 52° 30′ N, 1° 00′ E / 52.5°N,1°E |
Féadfaidh go raibh na Cenimagni, a ghéill d'Iúil Caesar le linn a dara sluaíocht chun na Breataine sa bhliain 54 BC, ina ghéag de na hÍcéinigh, nó d'fhéadfadh sé gur truailliú a tharla i gcás an ainm Cenimagni agus gur Iceni Magni an leagan ceart, sé sin "Ícéinigh Móra".
Seandálaíocht
cuir in eagarFuarthas fianaise sheandálaíochta i dtaobh na nÍcéineach, ina measc bhí - toirc, fáinní troma órga, airgid nó leictream a chaití timpeall an mhuiníl agus na gualainne. Thosaigh an hÍcéinigh i mbun bonn airgid a tháirgeadh thart ar 10 RC. Ba shain-oiriúnú a mboinn ar an ndearadh Ghall-Bheilgeach "aghaidh/capall", agus i roinnt luath-eisiúintí, níos iomadúla in aice le Norwich, cuireadh 'torc' in ionad 'capaill'. Inscríobhadh 'ECENI' ar roinnt bonn, agus dé réir sin is dócha gurb iad an t-aon ghrúpa a bhain úsáid as a n-ainm treibhe ar boinn. Is é an t-ainm pearsanta a taispeánadh ar airgead ná Antedios (ca. 10 RC), agus ainmneacha giorraithe eile cosúil le AESU agus SAEMU níos déanaí ar aghaidh.