Úsáideoir:ClodaghQM/Dark Souls

Is sraith ghníomhchluichí rólimeartha é Dark Souls, arna cruthú ag feidhmeannach FromSoftware Hidetaka Miyazaki agus arna foilsiú ag Bandai Namco Entertainment. Thosaigh an tsraith leis an eisiúint de Dark Souls (2011) agus tá dhá chluiche eile sa tsraith, Dark Souls II (2014) agus Dark Souls III (2016). Moladh Dark Souls go hard, agus luaití go minic an chéad chluiche sa tsraith mar cheann de na físcluichí is fearr riamh, moltar agus cáintear an tsraith de bharr a deacracht suaithinseach.

Faoi 2022, seoladh níos mó ná 33 milliún cóip den tsraith seo. Tá coincheapa bainteach le Dark Souls ar fáil i gclúichí FromSoftware eile; Demon's Souls, King's Field, Bloodborne, Sekiro agus Elden Ring san áireamh. Tugtar Soulsbornes ar na cluichí seo go minic.

I suíomh fantaisíochta dorcha, meánaoisí atá an cluiche seo, áit a troideann carachtar an imreora in aghaidh ridirí, dragain, taibhsí, deamhan, agus neach uafar nó osnádúrtha. Tá an bailiúchán, cailliúint agus aisghabháil d'anamacha lárnach do scéalaíocht agus imirt Dark Souls. Tá na cluichí seo ceangailte le chéile trína suíomh agus scéalaíocht thimthriallach uileghabhálach dírithe ar tine, agus trí téamaí agus gnéithe comhchoiteanna, caidreamh le taibhsí agus cathanna le deamhain san áireamh. Faoi dheireadh gach cluiche, is féidir le carachtair an "chéad lasair" a athlasadh nó ligean dó teip, rogha atá déanta cheanna ag daoine eile.

Imrítear cluichí Dark Souls trí léargas tríú pearsa, agus díríonn siad ar thimpeallachtaí atá nasctha le chéile a fhad is a troidtear naimhde le hairm agus draíocht. Troideann imreoirí fathach chun dul chun cinn a dhéanamh sa scéal, chomh maith le caidreamh a dhéanamh le carachtair ríomhrialaithe. Is féidir rogha a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de do phríomhcharachtar i ngach cluiche Dark Souls mar shampla tá rogha agat idir inscne, cuma, ainm agus aicme tosaithe do charachtar. Is féidir le himreoirí rogha a dhéanamh idir aicmí: ridirí, brúideanna, gadaithe agus draoithe san áireamh. Tá uirlisí tosaithe ag gach aicme chomh maith le scileanna atá an t-imreoir in ann a chur in oiriúint dona taithí agus a roghanna féin agus iad ag dul tríd an gcluiche. Bailíonn an t-imreoir anamacha trí chathanna sa chluiche, a fheidhmíonn mar phointí taithí chun leibhéal a ardú agus mar airgeadra chun earraí a cheannach. Tá méid na hanamacha a bhailítear i gcomhréir le deacracht na troda i gcoinne naimhde áirithe; bailíonn an t-imreoir níos mó anamacha ó naimhde níos deacra.

Ceann de phríomhghnéithe na sraithe ná bás, mar úsáideann sí bás chun múineadh dona himreoirí conas tabhairt faoi thimpeallachtaí naimhdeacha, ag spreagadh athdhéanamh, ag foghlaim ó na botúin a rinneadh cheanna, agus ag úsáid an réamhthaithí seo mar bhealach chun deacracht na sraithe a shárú. Tar éis a bpointí sláinte ar fad a chailliúnt agus bás a fháil, cailleann imreoirí a n-anamacha ar fad agus dúisíonn siad ag an dtine chnámh deireanch a thógadar sos, feidhmíonn an tine chnámh mar sheicphointe. Tá seans amháin ag an imreoir na hanamacha atá caillte acu a athghábháil trí smál fola a aimsiú san áit is déanaí a fuair siad bás.[1] Má fhaigheann an t-imreoir bás arís roimh a smál fola a aimsiú, cailltear na hanamacha go deo.[1] Toisc go dtagann formhór de naimhde chun beatha arís i ndiaidh bás na himreora, nó má thógann an t-imreoir sos ag tine chnámh, tá deis ag an imreoir níos mó anamacha a bhailiú trí naimhde atá troidthe acu cheanna a throid arís. Sórt tine champa is ea é an tine chnámh sa chluiche Dark Souls agus cluiche eile an tsraith a fheidhmíonn mar sheicpointe do dhul chun cinn carachtar na himreora, chomh maith le naimhde atá maraithe ag an imreoir cheanna a athbheochan. Níos déanaí sa chluiche, agus i Dark Souls II agus III, feidhmíonn siad mar phointí taistil. Ceann de phríomhghnéithe na sraithe eile ná a spléachas ar sheasmhacht le linn troda. Úsáideann ionsaí, blocáil, nó seachaint seasmhacht, a thagann ar ais go tapa ma fhánann an t-imreoir socair, ach tá an t-imreoir leochaileach dá bhrí. Caithfidh imreoirí cothromaíocht a aimsiú idir ionsaí a dhéanamh i gcoinne teaicticí cosanta agus tréimhsí gairid sosa a thógáil chun teacht slán ó throideanna níos deacra.

Tá idirgníomhaíocht ar líne i Dark Souls measctha leis an eispéireas d'imreoir aonair. Le linn na leibhéal, is féidir leis na himreoirí gníomhartha imreoirí eile a fheiceáil mar thaibhsí sa cheantar céanna a léireodh dorchlaí nó lasca faoi cheilt. Nuair a fhaigheann imreoir bás, fágtar smál fola i ndomhan cluichí imeoirí eile agus nuair a idirghníomhaítear leo is féidir taibhsí a fheiceáil i mbéal báis, ag cur in iúl conas mar a fuair siad bás agus d'fhéadfadh sin cabhrú le imreoir eile an deireadh céanna a sheachaint. Is féidir le himreoirí cabhrú lena cheile trí teachtaireachtaí a fhágáil ar an talamh le nodanna agus rabhaidh, nó is féidir leo nodanna bréagacha a fhágáil, a dhéanann dochar d’imreoirí. Is féidir le himreoirí dul i mbun troda in aghaidh a chéile chomh maith le imirt comhoibritheach trí ionradh nó fios a chur ar imreoirí eile. [2][3]

Is é Dark Souls an chéad chluiche sa tsraith; meastar é a bheith mar chomharba spioradálta Demon's Souls (2009). [4][5] Bhí FromSoftware ag iarraidh cluiche leantach Demon's Souls a fhorbairt, ach bhí úinéireacht ag Sony ar an maoin intleachtúil agus mar thoradh bhí cosc orthu sin a dhéanamh ar ardáin eile. [6] Eisíodh é don PlayStation 3 agus Xbox 360 i 2011. [7] I 2012, eisíodh Dark Souls: Prepare to Die Edition ar Windows, PlayStation 3, agus Xbox 360, ina bhfuil an cluiche agus Artorias of the Abyss mar inneachar in-íoslódála. [8] Is i ríocht ficseanúil darbh ainm Lordran atá an cluiche lonnaithe. Glacann imreoirí róil de charachtar a bhfuil mallacht air nó uirthi a bheartaíonn cinniúint na ndaoine neamh-mharbha, ar nós iad féin, a fháil amach. Is trí shonraí timpeallachta go príomha, sainchuntas earra sa chuiche, agus dialóg le carachtair ríomhrialaithe a insítear plota Dark Souls. Caithfidh le himreoirí nodanna a chur le chéile chun an scéal a thuiscint, seachas tríd insint thraidisiúnta, ar nós trí phreabradharc. Bhailigh Dark Souls agus Demon's Souls aithint de bharr a leibhéal deacrachta airde.[9][10][11][12] Eisíodh leagan le grafaicí níos fearr agus feabhsuithe san imirt dar teideal, Dark Souls: Remastered, i mBealtaine 2018. [13]

Dark Souls II

cuir in eagar

Éagsúil leis na dhá réamhchluiche, níor tháinig Hidetaka Miyazaki ar ais mar stiúrthóir toisc go raibh sé ag stiúradh Bloodborne, bhí sé fós ag déanamh maoirseacht ar an gcluiche, áfach.[14][15] Eisíodh é i 2014 ar Windows, PlayStation 3, agus Xbox 360.[16] I 2015, eisíodh leagan úasdátaithe le hinneachar in-íoslódála The Lost Crowns ar Windows, PlayStation 3, Xbox 360, PlayStation 4, agus Xbox One, faoin dteideal Dark Souls II: Scholar of the First Sin[17] - lena dara ardáin ag fáil eisiúint miondíola. [18] Is é ríocht Drangleic suíomh an chluiche, áit a chaithfidh an imreora leigheas a aimsiú ar an mallacht neamh-mharbha.[19] Cé go bhfuil an cluiche sa domhan céanna leis an gcluiche roimhe seo, níl aon nasc díreach idir scéal Dark Souls agus Dark Souls II.[20]

Dark Souls III

cuir in eagar

Eisíodh Dark Souls III i 2016 ar Windows, PlayStation 4, agus Xbox One.[21] Tá luas níos tapa ag Dark Souls III ná mar atá ag na cluichí Souls roimhe seo,[22] agus tháinig an t-athrú seo mar thoradh ar Bloodborne ar an mórgóir.[23] Tá an cluiche lonnaithe sa ríocht Lothric, áit a chaithfidh an t-imreoir an tseala den Lasair a cheangal a chríochnú. I 2017, eisíodh an leagan iomlán ina bhfuil an cluiche féin agus dhá phaca forlíontach (Ashes of Ariendel and The Ringed City), faoin dteideal Dark Souls III: The Fire Fades Edition. Bhí Dark Souls III rathúil i measc na léirmheastóirí chomh maith le ó thaobh na tráchtála de, le léirmheastóirí á fhógairt go bhfuil sé mar chonclúid chuí ar an tsraith. Díoladh níos mó ná 10 milliún cóip faoi 2020, agus ní raibh aon chluiche tar éis díol chomh tapa i stair Bandai Namco ag an am[24][25] (go dtí gur sháraigh Elden Ring an churiarracht seo).[26] I 2015, dúirt Miyazaki go raibh seans maith ann go mbeadh Dark Souls III an mhír dheireanach den tsraith, agus chinn FromSoftware cluichí nua a fhorbairt nach bhfuil baint acu le Dark Souls sa todhchaí.[27]

Meáin Eile

cuir in eagar

Tháinig greannán le Titan Comics bunaithe ar an tsraith amach taobh leis an eisiúnt de Dark Souls III i 2016.[28] Fógraíodh feachtas Kickstarter le haghaidh cluiche cláir ceadúnaithe cruthaithe ag Steamforged Games, Dark Souls - The Board Game, ag an am sin freisin.[29] Maoiníodh an feachtas le linn na chéad trí nóiméad agus eisíodh an cluiche i mí Aibreáin 2017.[30][31]

Is cluiche mionsamhla é Dark Souls – The Board Game (2017) atá dírithe ar throid le haghaidh 1-4 imreoir. Ó fhoilsitheoir chluichíochta barr tábla, Steamforged Games, Dark Souls™: Déanann an Cluiche Cláir aithris ar an bhfíschluiche ina deacracht dúshlánach agus tá níos mó ná 500,000 cóip díolta ar fud an domhan. Ag an bpointe seo (2022) tá dhá fhoireann nua le haghaidh Dark Souls™: The Board Game eisithe, iad lonnaithe i suíomhanna aitheanta ón bhfíschluiche Tomb of Giants & The Painted World of Ariamis.[32][33]

I mí Feabhra 2017, sheinn ceolfhoireann beo-léiriú de cheol ón tsraith cumtha ag Motoi Sakuraba ag an gceoláras Salle Pleyel i bPáras.[34] I mí Mheán Fómhair na bliana sin, eisíodh eagrán teoranta de bhoscra vinile san Eorap, ina bhfuil fuaimrianta na gcluichí ar fad. [35] Sa tSeapáin, eisíodh boscra ina bhfuil na leaganacha feabhsaithe de na trí chluichí ar PlayStation 4 ar an 24 Bealtaine 2018, chomh maith leis na fuaimrianta ar fad, priontaí ealaíne, agus foclóir a thugann eolas faoi gach earra sa chluiche.[36]

Cluichí a bhaineann le Dark Souls

cuir in eagar

Demon's Souls

cuir in eagar

Eisíodh Demon's Souls i 2009 ar an PlayStation 3, agus meastar é a bheith mar réamhtheachtaí spioradálta na sraithe Dark Souls.[37][38] Cuireadh síos ar mar chomharba spioradálta na sraithe King's Field chomh maith,[39][40] ach ag an am céanna cuireadh síos ar mar aonán ar leith ina bhfuil coincheapa éagsúil dearaí cluiche .[41] Fuair sé inspioráid ó fhíschluichí ar nós Ico,[42][43] The Legend of Zelda,[44] agus Otogi: Myth of Demons FromSoftware,[45] chomh maith le manga ar nós Berserk, Saint Seiya, agus JoJo's Bizarre Adventure.[46][47]

Éagsúil lena comharbaí, úsáideann Demon's Souls córas moil lárnaigh ar a dtugtar an "Nexus", áit atá imreoirí in ann a leibhéal a ardú, a n-uirlisí a dheisiú, nó earra áirithe a cheannach, roimh aghaidh a thabhairt ar ceann de na cúig domhan ceangailte. Tá an ghné "World Tendency" (Claonadh Domhanda) i Demon Soul's amháin. Is éard atá i gceist le Claonadh Domhanda ná go mbíonn an deacracht atá i gceist le taiscéalaíocht a dhéanamh ar domhan nua bunaithe ar an méid fathaigh atá maraithe chomh maith le conas a fhaigheann an t-imreoir bás. Tá cruthú carachtair ar fáil sa chluiche agus tá béim ar chreacha a bhailiú trí throid le namhaide i sraith neamhlíneach de shuíomhanna éagsúla . Bhí córas ilimreoirí ar líne comhtháite sa chluiche d'imreoir aonair, ina bhfuil imreoirí in ann teachtaireachtaí a fhágáil d'imreoirí eile, chomh maith le páirt a ghlacadh i ndomhan imreoirí eile chun cabhair a thabhairt dóibh nó chun iad a mharú. Múchadh na friothálaithe ilimreoirí go luath i 2018 de bharr neamhghníomhaíochta.[48]

King's Field

cuir in eagar

Meastar an tsraith King's Field, arna forbairt ag FromSoftware chomh maith, mar réamhtheachtaí spioradálta na sraithe. Thosaigh an tsraith amach i 1994 le King's Field ar PlayStation agus bhí trí chluiche eile sa tsraith. [49]

I mí Feabhra 2016, chuaigh Bandai Namco Entertainment ina pháirtí ag miondíoltóir Meiriceánach GameStop chun Slashy Souls, cluiche ardán soarimeartha ar ghuthán a eisiúint ar son Dark Souls III a chuir chun cinn. Bhí stíl phicteilín ag an gcluiche, agus deacracht na sraithe ar fáil sa chluiche seo freisin.[50] Rinneadh an-cháineadh ar an gcluiche,[51] thug léirmheastóirí Chris Carter ó Destructoid agus Jim Sterling rátáil 1/10 don chluiche.[52][53]

Fuair an tsraith Dark Souls ardmholadh ó na léirmheastóirí. Deirtear gurb é an chéad Dark Souls ceann de na físchluichí is fearr riamh.[54][55] Moltar Dark Souls III go hard freisin nuair tháinig sé amach.[56][57]

Moladh an meicnic imeartha "smál fola" go hard ag léirmheástóirí. Dúirt David Craddock ó Shacknews go raibh an smál fola mar chuid de chroílár na sraithe. Dúirt sé nach é bás a fháil an pionós is crua is féidir a fháil i gcluiche Souls ach bás a fháil faoi dhó.[58] Dúirt GamesRadar+ go bhfuil smáil fola, chomh maith le córas teachtaireachta Demon's Souls, bealach slachtmhar, snasta d'imreoirí a chéile a threorú gan fhocail a úsáid, agus dúradar is annamh go bhfuil an baol teipe chomh hard sin le smál fola a fháil ar ais. [59]

Moladh an coincheap tine chnámh ar an mbealach céanna. Dúirt Matthew Elliot ó GamesRadar+ go feidhmíonn na tinte chnámh mar shiombail cumhachtach d'fhaoiseamh, agus meascán de dhul chun cinn, traochadh agus áthas, agus cé go dúisíonn cluichí eile mothúcháin lena seicphointí, ní dhéanann aon chluiche eile chomh éifeachtúil é.[60] Dúirt Vice go spanc éirime atá i gceist leis an tine chnámh, a athraigh an seicphointe ó bhonn agus tugann siad sean don imreoir machnamh a dhéanamh ar a d(h)ul chun cinn.[61]

Díolachán agus oidhreacht

cuir in eagar

Seoladh 33.4 milliún cóip den tsraith Dark Souls ón tSeapáin faoi mhí Márta 2022.[62] Sháraigh Dark Souls III an churiarracht díolacháin nuair a eisíodh é, ag díol níos mó ná trí mhilliún cóip ar fud na cruinne faoi mhí Bealtaine 2016 agus díoladh é níos tapa ná aon chluiche eile Band Namco go dtí gur sháraigh Elden Ring é i 2022.[63][64]

Spreag gnéithe chomónta an tseánra Soulslike, agus tháinig a lán cluichí eile le meicnic chosúil amach dá bharr. Roineann cluichí eile FromSoftware arna stiúradh ag Miyazaki, mar shampla Demon's Souls, Bloodborne,[65][66] Sekiro: Shadows Die Twice,[67] agus Elden Ring,[68] go leor coincheapa céanna le Souls agus is minic go dtagraítear dóibh mar "Soulsborne".[69][70][71][72]

Luadh an tsraith freisin mar inspioráid do roinnt gnéithe Playstation Network, seoladh teachtaireachtaí aisioncronach, líonrú sóisialta, agus roinnt fhíseáin.[73] Bhí sé mar inspioráid freisin don chlár teilifíse Stranger Things.[74]

  1. 1.0 1.1 Richard Stanton published (2016-10-21). "How FromSoft took the action-RPG to a new level by putting faith in Dark Souls' players" (en). gamesradar. Dáta rochtana: 2023-03-23.
  2. "Dark Souls Review" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  3. Philip Kollar (2014-03-11). "Dark Souls 2 review: not the end" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  4. "Retrospective: King's Field" (en-gb). Eurogamer.net (2011-11-13). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  5. "Demon's Souls still feels fresher than its "Dark" successors" (en-gb). Eurogamer.net (2014-10-03). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  6. Jin Ha Lee; Clarke, Rachel Ivy; Sacchi, Simone; Jett, Jacob (2014). "Relationships among video games: Existing standards and new definitions".
  7. Colin Moriarty (2011-05-11). "Dark Souls Release Date Revealed" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  8. Charles Onyett (2012-05-31). "New Dark Souls Content Coming to Consoles" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  9. "Dark Souls Review" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  10. David Houghton published (2014-03-05). "Why Dark Souls is the friendliest, most benevolent game of its generation" (en). gamesradar. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  11. "Dark Souls isn’t hard, gamers are just stupid and impatient" (en-US). VentureBeat. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  12. "Non-review: Why I couldn't finish Demon's Souls". web.archive.org (2015-09-12). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  13. "Dark Souls Remastered announced for PC, PS4, Xbox One with 4K and 60fps" (en). VG247 (2018-01-11). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  14. "Dark Souls 2 a direct sequel to first title, may not make 2013" (en). VG247 (2012-12-15). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  15. "Miyazaki won't be directly involved in Dark Souls 2, doesn't want too many sequels" (en-gb). Eurogamer.net (2013-01-29). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  16. "Dark Souls 2 PC release date confirmed" (en-gb). Eurogamer.net (2014-03-06). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  17. Jenna Pitcher (2014-12-29). "Dark Souls 2: Scholar of the First Sin Director Reveals New Details" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  18. Michael McWhertor (2014-11-25). "Dark Souls 2 coming to PlayStation 4 and Xbox One in 2015" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  19. Philip Kollar (2014-03-11). "Dark Souls 2 review: not the end" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  20. kevingifford (2012-12-19). "Dark Souls 2 developer: If Dark Souls was set in the North Pole, this one would be in the South Pole" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  21. Michael McWhertor (2015-06-15). "Dark Souls 3 confirmed, coming early 2016" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  22. "Dark Souls III is Faster, Smoother, and More Fluid Than its Predecessors" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  23. Dave Tach (2015-07-20). "Dark Souls 3's combat is faster in a post-Bloodborne world" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  24. "Dark Souls 3 sales hits the ten million mark – and the series tops 27 million" (en). PCGamesN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  25. Matt Porter (2016-04-18). "Dark Souls 3 Is Bandai Namco's Fastest-Selling Game Ever" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  26. Adam Bankhurst (2022-03-16). "Elden Ring Passes 16 Million Sales [Update]" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  27. "Dark Souls 3 Interview: "It Wouldn't Be Right to Continue Creating Souls"" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  28. Jesse Schedeen (2016-01-19). "Dark Souls Comic Book Coming in April 2016" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  29. Shaun Prescott published (2016-04-08). "The Dark Souls series is getting a board game" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  30. "Crowdfunded Dark Souls Board Game Raises $200,000 In Less Than Two Hours" (en). Kotaku (2016-04-19). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  31. "Dark Souls Board Game Funded in 3 Minutes" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  32. "Dark Souls™: The Board Game - The Painted World of Ariamis Core Set" (en). Steamforged Games. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  33. "Dark Souls™: The Board Game - Tomb of Giants Core Set" (en). Steamforged Games. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  34. Alex Osborn (2016-12-20). "Dark Souls to Be Featured in Bandai Namco's Orchestral Concert in Europe" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  35. "See The Dark Souls Series' Super Limited Vinyl Soundtrack Collection" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  36. Brian Barnett (2018-01-11). "Dark Souls Trilogy Box Set Announced for Japan" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  37. I. G. N. Staff (2009-07-06). "Atlus Officially Announces Demon's Souls for North America" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  38. "Bloodborne director reveals his favourite boss from the "Souls" series" (en-gb). Eurogamer.net (2015-04-07). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  39. "Retrospective: King's Field" (en-gb). Eurogamer.net (2011-11-13). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  40. Phil Kollar. "Demon’s Souls Director Discusses Difficulty, Sequels, And More" (en). Game Informer. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  41. "'Dark Souls' Creator Miyazaki on 'Zelda', Sequels - Rolling Stone". web.archive.org (2016-10-05). Dáta rochtana: 2023-04-04.
  42. Simon Parkin (2015-03-31). "Bloodborne creator Hidetaka Miyazaki: ‘I didn’t have a dream. I wasn’t ambitious'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  43. Chloi Rad (2015-04-01). "Bloodborne Creator Describes Influences and Game Design History" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  44. "'Dark Souls' Creator Miyazaki on 'Zelda', Sequels - Rolling Stone". web.archive.org (2016-10-05). Dáta rochtana: 2023-04-04.
  45. "Why Dark Souls Owes a Debt to its Forgotten Older Sibling Otogi | USgamer". web.archive.org (2020-09-13). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  46. "Dark Souls Design Works Translation: Weapons and Equipment Part 1/2" (en). Giant Bomb. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  47. "Dark Souls 3: Das komplette Gamescom-Interview mit Schöpfer Hidetaka Miyazaki" (de). PC GAMES (2015-08-12). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  48. I. G. N. Staff (2009-07-06). "Atlus Officially Announces Demon's Souls for North America" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-27.
  49. "Retrospective: King's Field" (en-gb). Eurogamer.net (2011-11-13). Dáta rochtana: 2023-03-27.
  50. Philip Kollar, Nick Robinson (2016-02-27). "Slashy Souls: a first look at Namco's new Dark Souls-inspired mobile game" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  51. "Dark Souls 3's promotional mobile game Slashy Souls is terrible" (en-gb). Eurogamer.net (2016-02-29). Dáta rochtana: 2023-03-28.
  52. "Review: Slashy Souls" (en-US). Destructoid. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  53. "Slashy Souls Review – Dark Holes – The Jimquisition". web.archive.org (2016-06-05). Dáta rochtana: 2023-03-28.
  54. Josh WestContributions from Joe Donnelly, Rachel Weber, Heather Wald published (2021-11-23). "The 50 best games of all time" (en). gamesradar. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  55. "How do you make an RPG after Dark Souls? - Kill Screen". web.archive.org (2017-03-21). Dáta rochtana: 2023-03-28.
  56. Chloi Rad (2016-04-04). "Dark Souls 3 Review" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  57. James Davenport published (2016-04-04). "Dark Souls 3 review" (en). pcgamer. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  58. "The DNA of Dark Souls: the challenge and death" (en). Shacknews. Dáta rochtana: 2023-04-04.
  59. Dave Meikleham last updated (2016-09-01). "How Demon's Souls became one of PlayStation's toughest yet most rewarding challenges" (en). gamesradar. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  60. Matthew Elliott published (2016-04-22). "Why I Love: bonfires in Dark Souls" (en). gamesradar. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  61. "An Ode to the Dark Souls Bonfire" (en). www.vice.com. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  62. Bandai Namco Group (2022). "Fact Book 2022". 
  63. "Dark Souls 3 Breaks Sales Records" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  64. Matt Porter (2016-04-18). "Dark Souls 3 Is Bandai Namco's Fastest-Selling Game Ever" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  65. Philip Kollar (2014-06-11). "Bloodborne is not Dark Souls; here's how it should set itself apart" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  66. "E3 2014: The Similarities and Differences Between Bloodborne and Dark Souls" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  67. Michael McWhertor (2018-10-02). "Dark Souls’ creator on what sets Sekiro: Shadows Die Twice apart" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  68. Esra Krabbe (2019-06-21). "Elden Ring Is an Evolution of Dark Souls Says Creator – E3 2019" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  69. Mitchell Saltzman (2018-01-05). "8 PlayStation Games That Need to be Remade or Remastered" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  70. "Sekiro: Shadows Die Twice Is Not Part Of Soulsborne Series, From Software Says" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  71. "Soulsborne fans think Elden Ring is based on Celtic folklore" (en). PCGamesN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  72. Michael McWhertor (2019-03-21). "Streamer pulls off five-game, no-hit ‘Soulsborne’ run, right before Sekiro launch" (en-US). Polygon. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  73. Erik Kain. "'Dark Souls' Inspired The Design Of Sony's PlayStation 4" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  74. Chris Tilly (2016-08-26). "How Silent Hill, Dark Souls and The Last of Us Influenced Stranger Things" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-30.