Aoife
Sa Rúraíocht, ba í Aoife (Sean-Ghaeilge Aífe) deirfiúr agus céile comhraic Scáthaí, agus leannán Chú Chulainn. Feictear í sna seanscéalta Tochmharc Eimhire agus Anbhás Aonmhic Aoife.
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Father and Son |
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Lánúin | Cú Chulainn |
Leanaí | Connla |
Eile | |
Cuid de | An Rúraíocht |
Sa scéal Tochmharc Eimhire, bhí sí ina cónaí i dtír darbh ainm Alpi, a thuigtear gur Alba í, agus i mbun chogaidh ar an mbanlaoch, Scáthach.[1]
Sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife, ámh, bhí sí ina cónaí i Letha sa Bhriotáin, agus ba deirfiúr Scáthach í, chomh maith lena céile comhraic – deirfiúracha Árd-Greimne Lethra ab ea iad beirt.[2]
Sna scéalta
cuir in eagarSa scéal Tochmharc Eimhire, tá laoch na nUladh, Cú Chulainn, is training in arms under Scáthach, when a battle breaks out against Aoife. Agus imní uirthi roimh a shábháilteacht, tugann Scáthach deoch shuain do Chú Chulainn, ach dúisíonn sé tar éis uair amháin, in ionad na fiche ceathair gur ghnách. Téann sé i mbun chomraic.
Cuireann Aoife dúshlán ar Scáthach go comhrac aonair, agus troideanna Cú Chulainn ar son Scáthaí mar a laoch. Roimh an gcomhrac, fiafraíonn sé de Scáthach cé hiad na rudaí is ansa le hAoife. Tugann Scáthach chun eolais gurb iad sin a carbad agus a capaill. I mbun comhraic, briseann Aoife claíomh Chú Chulainn ina smidiríní, ach glaonn sé amach go bhfuil a carbad agus capaill tar éis titim thar aill. A haire bainte, cloíonn sé í, agus beireann ar ais í thar a ghualainn. Ar faobhar an chlaímh, impíonn sí go ndéana trócaire uirthi. Socraíonn sé gan í a mharú, faoi dhá choinníoll: go n-éirí sí as an gcogaíocht le Scáthach, agus go mbeire sí mac dó.[3]
Sula theann Cú Chulainn ar ais go hÉirinn, agus Aoife torrach, tugann sé fáinne óir di a thabhairt don leabh. Guíonn sé uirthi, agus an buachaill seacht mbliana d'aois, go dtaga sé á lorg go hÉirinn, ach gan é féin a aithint.[3]
Leantar an scéal ar aghaidh in Anbhás Aonmhic Aoife. Tagann an buachaill, darb ainm Connla, go hÉirinn de réir threoracha Chú Chulainn, agus cuireann a laochas seanórtha imní ar na hUlaidh. Ach ní aithníonn Cú Chulainn é; téann siad i gcomhrac, agus maraíonn Cú Chulainn a aonmhac, a fháinne ródhéanach aitheanta aige.[2][4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Kuno Meyer (eag.), "Tochmarc Emire la Coinculaind (Harleian 5280, fo. 27a)", Zeitschrift für celtische Philologie, Halle an der Saale, Max Niemeyer vol. 3, 1901, ll. 229-263.
- ↑ 2.0 2.1 Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Death of Conla", Ériu 1, 1904, ll. 113-121.
- ↑ 3.0 3.1 Kuno Meyer (aistr.), "The Wooing of Emer", Archaeological Review, Londain, vol. 1, 1888, ll. 68-75; 150-155; 231-235; 298-307
- ↑ Rolleston, T.W. (1986). "Celtic Myths and Legends". Londain: Gresham.