Seasann ADISQ do Association québécoise de l'industrie du disque, du spectacle et de la video (“Cumann Québec um Thionscail an Taifeadta, na Ceolchoirme agus na bhFíseán”). Bunaíodh sa bhliain 1978 é mar chumann gan bhrabach chun neartú leis an tionscadal ceoil in Québec.

Ó 1979 i leith tá deasghnáth bliantúil duaiseanna ar siúl aige do cheoltóirí agus d’amhránaithe. Is é an t-ainm atá ar an duais úd Duais Félix agus é baiste as Félix Leclerc, amhránaí agus scríbhneoir iomráiteach .

StairCuir in Eagar

Bhí dhá aidhm ag ADISQ ó thús:

• Taispeántas (Musique du Québec) a chur ar bun ag an Marché International du Disque et de l'Edition Musicale (Midem) (“Margadh Idirnáisúnta an Taifeadta agus na hEagarthóireachta Ceoil”)

• Seó bliantúil teilifíse (“le Gala”) a chur ar bun chun duaiseanna a bhronnadh ar lucht déanta ceoil. Bíonn “Autre Gala” ar siúl freisin ó 2003 i leith. Tar éis don Chumann na haidhmeanna seo a chur i gcrích, socraíodh ar stocaireacht a dhéanamh maidir leis na ceisteanna seo:

• Polasaí ginearálta i dtaobh thionscail an taifeadta, na gceolchoirmeacha agus na bhfíseán • Maoiniú na dtionscadal seo • Cosaint na maoine intleachtúla • Rialacha craolacháin

Chuir ADISQ tionscadal uirbeach Quartier des Spectacles in Montréal. D’fhógair an t-uachtarán Jacques K. Primeau é i 2002 ag an Sommet de Montréal.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar