A phaidrín do dhùisg mo dhéar

Scríobh Aithbhreac Inghean Corcadail an dán A phaidrín do dhùisg mo dhéar. Cumadh sa 15ú haois é. Tá sé le fáil i Leabhar Deadhan Lios Mòir.

An dán cuir in eagar

  • A Phaidrín do dhúisg mo dhéar,
  • ionmhain méar do bhitheadh ort;
  • onmhain cridhe fáilteach fial
  • gá raibhe riamh gus a nocht.**
  • Dá éag is tuirseach atáim,
  • an lámh má mbítheá gach n-uair,
  • nach cluinim a beith i gclí
  • agus nach bhfaicim í uaim.
  • Mo chridhe-se is tinn atá
  • ó theacht go crích an lá dhúinn;
  • ba ghoirid do éist ré ghlóir,
  • ré h-agallaimh an óig úir.
  • Béal asa ndob aobhdha glór,
  • dhéantaidhe a ghó is gach tír:
  • leómhan Muile na múr ngeal,
  • seabhag Íle na magh mín.
  • Fear ha ghéar meabhair ar dhán,
  • ó nach deachaidh dáimh gan díol;
  • taoiseach deigh-einigh suairc séimh,
  • agá bhfaightí méin mheic ríogh.
  • Dámh ag teacht ó Dhún an Óir
  • is dámh ón Bhóinn go a fholt fiar:
  • minic tháinig iad fá theist,
  • ná mionca ná leis a riar.
  • Seabhag seangglan Sléibhe Gaoil,
  • fear do chuir a chaoin ré cléir;
  • dreagan Leódhuis na learg ngeal,
  • éigne Sanais na sreabh séimh.
  • A h-éagmhais aon duine a mháin
  • im aonar atáim dá éis,
  • gan chluiche, gan chomhrádh caoin,
  • gan ábhacht, gan aoibh i gcéill.