An tSéin
Is abhainn í an tSéin, nó la Seine i bhFraincis, atá suite sa Fhrainc, 774 km ar fhad. Tá príomhchathair na Fraince, Páras, suite ar an tSéin, agus tá go leor áiteanna stairiúla ar bhruach na Séine, mar shampla an Louvre, an Túr Eiffel agus ardeaglais Notre-Dame.
(fr) Seine | |||||
Cineál | Príomhshruthán | ||||
---|---|---|---|---|---|
Foinse | |||||
Tír abhantraí | an Fhrainc | ||||
Airde tosaigh | 446 m | ||||
Limistéar riaracháin | An Normainn, An Fhrainc, An Bhurgúin, An Fhrainc, Champagne-Ardenne, An Fhrainc, Seine-et-Marne, An Fhrainc agus Páras, An Fhrainc | ||||
Suíomh | source of the Seine River (en) | ||||
Deireadh | |||||
Limistéar riaracháin | Agglomeration community of Le Havre, An Fhrainc (en) | ||||
Suíomh | Le Havre | ||||
Béal na habhann | Muir nIocht | ||||
| |||||
Codanna | |||||
Craobh-abhainn | 56 | ||||
Abhantrach draenála | Seine basin (en) | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 776.67 () km | ||||
Abhantrach | 78,650 km² | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda | |||||
bruacha an Séin | |||||
Cineál | Oidhreacht chultúrtha → An Eoraip-Meiriceá Thuaidh | ||||
Am | 1991 (15ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (i), (ii) agus (iv) | ||||
Aitheantóir | 600 | ||||
Bearta agus táscairí | |||||
Sreabhadh | 500 m³/s | ||||
Tíreolaíocht
cuir in eagarTá foinse na habhann suite ag airde 446 km i Source-Seine, sa Côte-d'Or, ar Plateau de Langres (Gaeilge: ardchlár Langres), agus tá treoshuíomh ginearálta ag a chúrsa soir ó dheas go siar ó thuaidh. Sreabhann an tSéin tríd Troyes, Páras, Rouen agus Le Havre, isteach sa Mhuir nIocht (Fraincis: la Manche) idir Le Havre agus Honfleur. Tá a abhantrach dhraenála, le hachar 79,000 km, áitithe ag thart ar 30% de dhaonra na tíre, an chuid is mó san imchuach Pháras.[1]
Eachtraí
cuir in eagarAr an 26 Iúil 2024, reáchtáladh Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar abhainn na Séine agus na céadta milliún ar fud na cruinne ag faire air. Bá mhór an ceiliúradh é, an chéad uair riamh nach istigh i staid a bhí an searmanas oscailte.[2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Paris Basin" (as en) (2024-07-01). Wikipedia.
- ↑ "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.