Acht Rialtais Áitiúil (Éire), 1898

Acht Rialtais Áitiúil (Éire)

Ritheadh an tAcht Rialtais Áitiúil (Éire), 1898 ar 12 Lúnasa 1898.[1] Dá bharr, ritheadh na chéad toghcháin áitiúla ionadacha in Éirinn i mí Eanáir agus mí Aibreáin 1899.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht Rialtais Áitiúil, 1898
Íomhá
Map
CineálAcht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
FógairtParlaimint na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1898 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharrialtas áitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisÉire, Éire agus Tuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar iomlán ar fáil ag URLirishstatutebook.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh struchtúir an rialtais áitiúil atá i bhfeidhm inniu sa bhliain 1898.[2] Mar sin, ó 1899 i leith, tá rialtas áitiúil daonlathach i réim in Éirinn agus bhí ról ag údaráis áitiúla i soláthar na seirbhísí (ach amháin póilíneacht).

 
Boird Bhardaigh Dhlí na mBocht in Éirinn, 1897, bliain amháin roimh an tAcht Rialtais Áitiúil (Éire), 1898

Ba iad Boird Caomhnóirí Dhlí na mBocht a bhí ann roimh na comhairlí nuabhunaithe, agus foráladh le haghaidh an chórais nua rialtais áitiúil leis an tAcht Rialtais Áitiúil 1898.[3] Bhí 163 Aontas Dhlí na mBocht, bunaithe timpeall na mbailte margaidh ar fud na hÉireann, freagrach as córas a fheidhmiú lenar áiríodh tithe na mbocht agus obair fóirithinte eile.

Ba iad an lucht íoctha rátaí a thogh roinnt caomhnóirí, rud a d’fhág go raibh roinnt daonlathais i gceist leis an gcóras. B'fhéidir le mná (mná áirithe) a bheith ina gcaomhnóirí ó 1896 i leith.

Imeachtaí

cuir in eagar

Ar an 15 Eanáir 1899, reáchtáladh toghchán i gcathair Luimnigh.[4] Bhí beagnach 5,000 duine in ann vótáil, ina measc 900 bean.

Ar an 6 Aibreán agus 15 Aibreán 1899, reáchtáil an rialtas na chéad toghcháin ar fud na tíre chuig comhairlí nuabhunaithe, ar tionóladh go leor díobh den chéad uair r an 22 Aibreán 1899.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. electronic Irish Statute Book (1898). "eISB" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  2. Tharla a leithéid sa Bhreatain sa bhliain 1889
  3. Ian Stuart-Mills (2019-06-04). "Rialtas Áitiúil in Éirinn ar feadh 120 bliain" (ga). An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  4. Timothy Moloney (2010-02-19). "Limerick Constitutional Nationalism, 1898-1918: Change and Continuity, lch 42" (as EN). Cambridge Scholars Publishing. 
  5. Údaráis Áitiúla Lú - louthcoco.ie (2009). "Tuarascáil Bhliantúil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 2020.