Adalbert Probst

polaiteoir Gearmánach

Bhí Adalbert Probst ( 1900 - 1934 ) ina Cheannaire na n-Óg Caitliceach, sa Ghearmáin le linn na tréimhse Naitsíoch. Maraíodh é le linn Oíche na Sceana Fada 1934 (Gearmáinis: Nacht der langen Messer).[1] Bhí Probst ina stiúrthóir náisiúnta ar an Deutsche Jugendkraft Sportverband nó an DJK (Gaeilge:Cumann Spóirt na nÓg Caitliceach) .[2] Chuir an Eaglais Chaitliceach sa Ghearmáin in aghaidh iarrachtaí an Rialtais Naitsíoch nua a eagraíochtaí óige a dhúnadh.[3] Bhí Probst, in éineacht le Erich Klausener ceannaire Die Katholische Aktion (Gaeilge: An Ggníomhaíocht Chaitliceach) agus Fritz Gerlich (eagarthóir an tseachtanáin, Der Gerade Weg ) i measc na bhfigiúirí ardphróifíle den fhreasúra Caitliceach a bhí dírithe ar fheallmharú in Oíche na Sceana Fada i samhradh na bliana 1934, iarracht luath ó Hitler a cheannasacht ar pholaitíocht na Gearmáine a dhearbhú trí fhoréigean. Fuadaíodh Probst agus fuarthas marbh ina dhiaidh sin, a líomhnaítear a bhí "shot while trying to escape".[4]

Infotaula de personaAdalbert Probst

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Iúil 1900
Regensburg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Iúil 1934
33 bliana d'aois
Siocair bháisDúnmharú
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, trodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Féach freisin cuir in eagar

  • DJK-Banna Spóirt
  • Íospartaigh Oíche na Sceana Fada
  • An Eaglais Chaitliceach agus an Ghearmáin Naitsíoch
  • Frithsheasmhacht Caitliceach in aghaidh na Gearmáine Naitsíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lewis, Brenda Ralph (2000); Hitler Youth: the Hitlerjugend in War and Peace 1933-1945; MBI Publishing; ISBN 0-7603-0946-9; p. 45
  2. John S. Conway; The Nazi Persecution of the Churches, 1933-1945; Regent College Publishing; 2001; ISBN 1-57383-080-1 (USA); p.92
  3. Lewis, Brenda Ralph (2000); Hitler Youth: the Hitlerjugend in War and Peace 1933-1945; MBI Publishing; ISBN 0-7603-0946-9; p. 45
  4. John S. Conway; The Nazi Persecution of the Churches, 1933-1945; p.92