An Buachaill agus an Chorr

Is scannán beoite Seapánach fantaisíochta ó 2023 é An Buachaill agus An Chorr (An tSeapáinis: 君たちはどう生きるか, Hepburn: Kimitachi wa Dō Ikiru ka, go díreach. 'Conas a mhaireann sibh?') scríofa agus stiúrtha ag Hayao Miyazaki. Léirithe ag Studio Ghibli, luann teideal Seapáinse an scannáin úrscéal Genzaburō Yoshino's de 1937 den ainm céanna ach ní cóiriú den úrscéal é. I measc na guthchléire bhí Soma Santoki, Masaki Suda, Ko Shibasaki, Aimyon, Yoshino Kimura, Takuya Kimura, Kaoru Kobayashi, agus Shinobu Otake.

Cuirtear síos ar an scannán mar "big fantastical film"[1], leanann sé buachaill darb ainm Mahito Maki a bhogann amuigh faoin tuath i ndiaidh bás a mháthar, a thagann ar thúr tréighte gar dá teach nua, agus a théann isteach i ndomhan fantaiseach le corr réisc le cumas labhartha.

D'fhógair Miyazaki go raibh sé ag dul ar scor i Meán Fomhair 2023 ach mhalartaigh sé an cinneadh seo níos tar éis a bheith ag oibriú ar an ngearrscannán Boro the Caterpillar (2018). Thosaigh sé ag cur scéal ar chlár i gcomhair tionscadal nua fada i mí Iúil 2016, agus thosaigh léiriúchán oifigiúil i mBealtaine 2017. Fógraíodh teideal an scannáin i mí Dheireadh Fómhair 2017, ag díriú ar eisiúint thart ar na Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2020 . Faoi Bhealtaine 2020, bhí 36 nóiméad den scannán tar éis a bheith tarraingthe de láimh ag 60 beochantóir, gan aon spriocdháta socraithe. Mhair léiriúchán thart ar sheacht mbliana, agus é ag láimhseáil moilleanna agus é ag dul i ngleic le dúshláin a bhain leis an bpaindéim COVID-19 agus le luas beochana moillithe Miyazaki, sula tarraingníodh ar dheireadh léiriúcháin i mí Dheireadh Fómhair 2022. Bhain maoiniú don thionscadal le margaí sruthaithe do scannáin Ghibli roimhe seo. Dar leis an léiritheoir Toshio Suzuki, is é An Buachaill agus an Chorr Réisc an scannán is daoire a léiríodh sa tSeapáin riamh. Fuarthas inspioráid don script scannáin go mór ó hóige Miyazaki agus déanann sé iniúchadh ar théamaí teacht in aois agus a bhetih ag déileáil le saol atá lán le coimhlint agus le bás. Chum Joe Hisaishi scór an scannáin, a fhad is a scríobh agus chan Kenshi Yonezu téamamhrán an scannáin " Spinning Globe " .

Eisíodh An Buachaill agus an Chorr go hamharclannach sa tSeapáin ar an 14 Iúil, 2023, ag Toho, agus taispeánadh é in amharclanna traidisiúnta agus i bhformáidí préimhe eile ar nós IMAX . Tugadh an eisiúint faoi deara de bharr a easpa toiliúil d'aon phromóisean, le Ghibli ag roghnú gan aon réamhfhógráin, íomhánna, achoimre nó sonraí roghnaithe na n-aistreoirí den scannán a eisiúint roimh a première Seapánach seachas póstaer amháin. Fuair an scannán ardmholadh agus tá US$294.2 milliún saothraithe aige ar fud an domhain, rud a dhéanann é an cúigiú scannán Seapánach leis an gcomhlán is mó. I measc a ghradam iomadúil, bhuaigh an Scannán Lánfhada Beoite is Fearr ag Duaiseanna an Acadaimh, na Gradaim BAFTA, na Golden Globes, agus Acadamh Scannán na Seapáine.

  1. Romano, Nick (May 13, 2020). "Studio Ghibli co-founder teases Hayao Miyazaki's next 'big, fantastical' film". Entertainment Weekly. Arna gcartlann ón mbunleagan ar May 15, 2020. Aisghafa May 13, 2020.