An Dairis

canúint den Pheirsis

Canúint de chuid na Peirsise a labhraítear san Afganastáin is ea an Dairis.[1][2] Is é “Dari” ainm na teanga atá aitheanta agus curtha chun cinn go hoifigiúil ag rialtas na hAfganastáine ó 1964 i leith.[3] Ba de bharr cúinsí polaitíochta níos mó ná difríochtaí teangeolaíochta a tugadh ainm difriúil ar an teanga, mar thaca le scéal na hAfganastáine mar stát aontaithe.[4] Seachas cúpla miondifríocht sa stór focal, is beag difríocht atá idir Peirsis fhoirmiúil scríofa na hAfganastáine agus na hIaráine; tuigeann cainteoirí an dá theanga a chéile. Úsáidtear an téarma “Dari” go hoifigiúil ar chanúint labhartha na Peirsise san Afganastáin, ach b'fhearr an téarma seo a úsáid ar an tsainréim fhoirmiúil amháin. Is fearr le lucht labhartha na Peirsise san Afganastáin “Farsi” a thabhairt ar an teanga, toisc go gcreidtear gur bhrúigh an pobal Paistiúnach (atá i dtreis sa tír) an t-ainm “Dari” orthu, in iarracht na nascanna cultúrtha, teangeolaíochta, agus stairiúla idir an Afganastáin agus domhan na Peirsise (an Iaráin, an Táidsíceastáin, agus cuid den Úisbéiceastáin) a bhriseadh.[5][6] Is í an Dairis an teanga oifigiúil do 35 milliún Afganastánach san Afganastáin[7] agus is francbhéarla í do chumarsáid idireitneach san Afganastáin.

Infotaula de llenguaAn Dairis
دری‎

Cineálteanga, canúint na Peirsise agus teanga bheo
Canúint naan Pheirsis
Úsáid
Cainteoirí dúchais9,600,000 (2011)
Dúchasach doan Afganastáin
Stáitan Afganastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Iaránacha
teangacha Iaránacha Iartharacha
teangacha Iaránacha iardheisceartacha
New Persian (en) Aistrigh
an Pheirsis
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Peirsise, script Araibise, Q4363761 Aistrigh agus aibítir Arabach
Cóid
ISO 639-3prs
Glottologdari1249
Linguasphere58-AAC-ce
Ethnologueprs
ASCL4105
IETFprs

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Afghan Folktales from Herat: Persian Texts in Transcription and Translation" (2009). Cambria Press. ISBN 978-1-60497-652-6. 
  2. 11 books”. afghanistandl.nyu.edu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 March 2018. Dáta rochtana: 8 March 2018.
  3. Tajikam Portal - Secret documents Reveal Afghan Language Policy”. tajikam.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 June 2020. Dáta rochtana: 27 September 2019.
  4. Green (2013). "Afghanistan in Ink: Literature Between Diaspora and Nation" (in en): 13. Hurst. ISBN 978-1-84904-204-8. 
  5. Afghanistan's Persian Linguistic Identity” (en-US). The Diplomat. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 August 2019. Dáta rochtana: 2021-08-10. “Persian speakers in the country say 'the term Dari has been forced on them by the dominant Pashtun ethnic group as an attempt to distance Afghans from their cultural, linguistic, and historical ties to the Persian-speaking world'”
  6. Kāboli” (en-US). Encyclopaedia Iranica. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 April 2011. Dáta rochtana: 2021-08-09. “Persian in Afghanistan is generally called fārsi by Persian-speakers and pārsi in Pashto. The standard written Persian of Afghanistan has officially been called Dari since 1964; apart from a few basics of vocabulary, however (and more Indo-Persian calligraphic styles in the Perso-Arabic script), there is little difference between formal written Persian of Afghanistan and of Iran. The term "Dari" is often loosely used for the characteristic spoken Persian of Afghanistan, but is best restricted to formal spoken registers (poetry, speeches, newscasts, and other broadcast announcements).”
  7. South Asia :: Afghanistan”. The World Factbook. Central Intelligence Agency. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 January 2021. Dáta rochtana: 2020-08-22.