An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Is scéim dreasachta cánach in Éirinn í an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre[1] agus tá sé mar aidhm léi fostaithe a spreagadh chun rothaíocht chun na hoibre agus abhaile arís. Faoin scéim is féidir le fostóirí suas le €1,000 a íoc ar rothar agus ar threalamh rothair do gach duine dá bhfostaithe. Ansin asbhaintear an aisíocaíocht don rothar agus don trealamh ó ollchaiteachas an fhostaí (sula n-asbhaintear cáin ioncaim, ÁSPC, éilimh phinsin nó Muirear Sóisialta Uilíoch) thar tréimhse suas le 12 mhí. Níl ar fhostóirí páirt a ghlacadh sa scéim, ach má ghlacann siad páirt ann, ní mór dóibh é a chur ar fáil dá bhfostaithe uile. Baineann an scéim le rothair nua agus rothair leictreachuidithe (is iad sin rothair a gcuidíonn an leictreachas lena dtiomáint ach a dteastaíonn iarracht éigin ón rothaí uathu). Ní chlúdaíonn inti gluaisrothair, scútair ná gléasanna dá leithéid. Baineann sí le trealamh sábháilteachta áirithe freisin, cosúil le clogaid agus éadach frithchaiteach. Go ginearálta, tugann an rothaí cuairt ar an siopa, chun an trealamh a theastaíonn a cheannach a roghnú agus is féidir leis an siopa sonrasc a chur díreach chuig an bhfostóir le haghaidh an chostais. Tabhair faoi deara nach bhfuil an díolúine cánach i gceist má íoctar as an rothar agus má íocann an fostóir ar ais an duine – ní mór don fhostóir íoc as an rothar. Is féidir na hasbhaintí a dhéanamh go seachtainiúil, go coicísiúil nó go míosúil ag brath ar an socrú íoctha tuarastail atá i gceist. Is féidir leis an bhfostóir an rothar a cheannach ar son an fhostaí agus ní bheidh air nó uirthi íoc as ansin. Níl cead leas a bhaint as an scéim ach uair amháin gach cúig bliana. Tá an riail seo i bhfeidhm fiú mura gceannaítear trealamh suas go dtí an t-uasmhéid de €1,000. Ní mór an rothar agus an trealamh sábháilteachta a úsáid go príomha do thurais cháilitheacha. Ciallaíonn sé seo turas iomlán nó cuid de thuras (mar shampla idir teach baile agus an stáisiún traenach) idir baile an fhostaí agus an ghnátháit oibre. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre". Dáta rochtana: 2024-03-12.