Radharc i dtreo an Túir ón Champ de Mars.

Túr Eiffel ar an túr is cáiliúla agus is spéisiúla ar domhan. Tá an túr suite ar an Champ de Mars, ar bhruach na Séine, i lár chathair Pháras, príomhchathair na Fraince.

Inniu is mó an aithne ar an túr ar fud na cruinne. Is é an struchtúr is airde i. bPáras é agus an séadchomhartha is mó cuairteanna íoctha ar domhan.[1] Tagann timpeall 7 milliún duine ar cuairt chuig an túr gach bliain. As a ailtire Gustave Eiffel a baisteadh é,

Is féidir an túr a fheiceáil ó bheagnach gach áit i bPáras. Bíonn cuma dhraíochtach ar an túr cáiliúil nuair a théann an ghrian faoi agus nuair a chuirtear na soilse geala air.[2] Tá 20,000 bolgán ar fad ann.

StairCuir in Eagar

Tógadh an Túr Eiffel (déanta as iarann) idir na bliana 1887-1889, Fear darbh ainm Gustave Eiffel, a bhí ina thógálaí droichid, a thóg é. Tógadh an túr don “Exposition Universelle” sa bhliain 1889.

 
Bíonn cuma dhraíochtach ar an túr cáiliúil nuair a théann an ghrian faoi agus nuair a chuirtear na soilse geala air.

Thug ardoifigigh cuairt ar an túr don chéad uair ar 31 Márta 1889. D’osclaíodh go hoifigiúil é ar 6 Bealtaine 1889. Thosaigh na hardaitheoirí ag feidhmiú ar 15 Bealtaine agus gaisce gan choinne.

Níor cheap duine ar bith ag an am sin go mbeadh sé go fóill in airde sa lá atá inniu ann. Ceapadh ag an am nach mbeadh foirgneamh sealadach ann, Bhí plean ann é a leagan in 1909. Ach shocraigh siad gan sin a dhéanamh toisc gur cheap siad go mbeadh sé úsáideach mar aeróg raidió.

BainistiúCuir in Eagar

Meánn struchtúr an túir 7,300 tonna. Tá an túr 328 méadar ar airde. Éiríonn an túr 15 cm níos airde má bhíonn an lá te. Caithfidh tú 1665 céim ar fad a thógáil má tá tú ag iarraidh dul suas go barr an túir. Agus nuair a bhíonn gaoth láidir ag séideadh, bogann barr an túir 7 cm ó thaobh go taobh.

Caithfidh siad an túr a phéinteáil gach seacht mbliana. Bíonn 60,000 cileagram de phéint ag teastáil lena phéinteáil (sin an meáchan céanna atá i ndeich n-eilifint).

Tá dhá bhialann ann i láthair na huaire. Tá a Oifig an Phoist féin ag an Túr Eiffel.[3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. eu2013.ie. "Pas---an tAontas Eorpach". Dáta rochtana: 2020.
  2. cogg.ie. "An Túr Eiffel". Dáta rochtana: 2020.
  3. anpost.ie. "Schoolbag". Dáta rochtana: 2020.